An tSraith dhá Tógáil
Cuma
Cineál | bailiúchán gearrscéalta |
---|---|
Cárta innéacs | |
Údar | Máirtín Ó Cadhain |
Teanga | an Ghaeilge |
Foilseachán | 1970 |
Foilsitheoir | Sáirséal agus Dill |
Seánra | bailiúchán gearrscéalta |
Cnuasach gearrscéalta Gaeilge leis an scríbhneoir Éireannach Máirtín Ó Cadhain a d'fhoilsigh Sáirséal agus Dill sa bhliain 1970 is ea An tSraith Dhá Tógáil. Tá 260 leathanach ann.
Scéalta an Chnuasaigh
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Na Críocha Déanacha
- Rinneadh
- Na Mairbh
- Fuascailt
- Rath
- Aisling agus Aisling Eile
- Fuíoll
- I mBus Cathrach
- Fuíoll Fuine
Léirmheastóireacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Filleann sé ar an nGaeltacht sa chnuasach seo ach is Gaeltacht eile ar fad í, Gaeltacht atá athraithe ag saol nua-aoiseach na tíre. Is féidir gurbh é seo an leabhar deireanach dá chuid a cuireadh i gcló lena bheo. Tá naoi scéal sa chnuasach seo, agus fad dhá leathnaigh ag an scéal is gairide agus 116 leathanach ag an scéal is faide, ar geall le húrscéal ann féin é, nó nóibhille.
Aistriúcháin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |