An tSraith ar Lár (Cnuasach Gearrscéalta)
Cineál | bailiúchán gearrscéalta |
---|---|
Cárta innéacs | |
Údar | Máirtín Ó Cadhain |
Teanga | an Ghaeilge |
Foilseachán | 1967 |
Foilsitheoir | Sáirséal Ó Marcaigh |
Gearrscéalta agus nóibhille Gaeilge leis an scríbhneoir Éireannach Máirtín Ó Cadhain a foilsíodh ag Sáirséal agus Dill sa bhliain 1967 is ea An tSraith ar Lár. Cuireadh atheagrán amach i gclúdach bog ag Cló Iar-Chonnachta sa bhliain 2009.
Foilsíodh an leabhar ceithre bliana déag tar éis Cois Caoláire, agus chaith Ó Cadhain an t-am idir eatarthu i mbun agóidíochta le cúiseanna éagsúla.
Scéalta an Chnuasaigh[cuir in eagar | athraigh foinse]
- An Sean agus an Nua
- Ciréib
- Gorta
- Crosaire Iarannróid
- An tSraith ar Lár (gearrscéal)
- Úr agus Críon
- Sraith Eile ar Lár
- Beirt Eile
- An Beo agus an Críon
- An Beo agus an Marbh
- Cé acu?...
- A Simple Lesson
- An Eochair (scéal)
Ealaíon an Chlúdaigh[cuir in eagar | athraigh foinse]
Anne Yeats a dhear an clúdach. Dúch miotallach airgid a úsáidtear leis an gcúlra laith a dhéanamh agus dar le léirmheastóirí oireann seo don phictiúr pinn agus dúigh.
i gCnuasaigh eile[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tá an scéal Beirt Eile roghnaithe mar chuid den chnuasach Gearrscéalta an Chéid a d'fhoilsigh Cló Iar-Chonnachta sa bhliain 2000. Chuir Gearóid Denvir agus Aisling Ní Dhonnachadha an cnuasach in eagar.
Léirmheastóireacht[cuir in eagar | athraigh foinse]
Dar le roinnt rinne an Cadhnach scríbhneoir nua-aoiseach de féin sa tréimhse sular foilsíodh an leabhar seo. Dar leo gur léir an Cadhnach tagtha in inmhe mar scríbhneoir ann. Díríonn sé ar an gcathair agus ar mhuintir na cathrach seachas an tuath agus ar an nGaeltacht sa chnuasach den chuid is mó. Na fir seachas na mná is mó a dhíríonn sé isteach orthu sa chnuasach seo. Bhuaigh an leabhar seo duais £2,000 ón bhForas Gael-Mheiriceánach i mbliain a fhoilsithe.
![]() | Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |