An tOllamh David Farrell

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaAn tOllamh David Farrell
Beathaisnéis
Breith1960
63/64 bliana d'aois
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síAn Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath - Máistir Ealaíon (1982–1983)
An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath - Baitsiléir Ealaíon (1978–1981)
Institiúid Eorpach na hOllscoile - céim dochtúireachta (–1993) Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmeolaí polaitiúil, taighdeoir Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirAn Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (2009–)
Ollscoil Mhanchain Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaBéarla
Teaghlach
AthairBrian Farrell  agus Marie-Thérèse Dillon
Gradam a fuarthas

Is acadóir Éireannach é an tOllamh David Farrell MRIA. Is aige atá Cathaoir na Polaitíochta sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Ba é ceann Scoil na Polaitíochta agus Gnóthaí Idirnáisiúnta é ón mbliain 2010-13 agus arís ón mbliain 2016-21. Is iad an ionadaíocht, córais toghcháin agus páirtithe polaitíochta na sainréimsí léinn atá aige.

Foilseacháin[cuir in eagar | athraigh foinse]

I measc na leabhar is déanaí uaidh tá The Oxford Handbook of Irish Politics (comheagarthóir, Oxford University Press, 2021), agus Deliberative Mini-Publics: Core Design Features (comheagarthóir, Bristol University Press, 2021). Mar aon leis sin, tá 20 leabhar eile foilsithe aige (mar údar agus mar eagarthóir) ina measc, an duaisleabhar Political Parties and Democratic Linkage: How Parties Organize Democracy (Oxford University Press, 2011).

Dhírigh a chuid oibre ina dhiaidh sin ar phléghrúpaí mionphobail (Mini-Publics mar shampla An Tionól Saoránach). Tá obair chomhairliúchán agus taighde déanta aige ar roinnt próiseas rialtais a bhaineann le pléghrúpaí mionphobail in Éirinn, sa Ríocht Aontaithe agus sa Bheilg, agus ina theannta sin tá tacaíocht tugtha aige d'obair ceann de na Painéil Saoránach uile-AE le linn na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa. Sular bhog sé go Baile Átha Cliath sa bhliain 2009, bhí sé ina ollamh le hEolaíochtaí Sóisialta in Ollscoil Mhanchain agus ina cheann scoile ansin freisin. D’oibrigh sé freisin i róil ar cuairt leis an Australian National University, Harvard, Mannheim agus University of California Irvine. Sa bhliain 2011 toghadh an tOllamh Farrell ina chathaoirleach ar Chuibhreannas na hEorpa don Taighde Polaitiúil.