An raibh tú ar an gCarraig?

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Is seanamhrán é An raibh tú ar an gCarraig?. Is é téama an amhráin seo ná ceiliúradh na hEocairiste, le linn aimsir na bPéindlíthe in Éirinn. Chuir rialtas Gallda na hÉireann na Dlíthe Peannaideacha i bhfeidhm chun leatrom a imirt ar Chaitlicigh na hÉireann, i ndiaidh Chath na Bóinne. Iarracht a bhí an leis ag gcreideamh Chaitliceach a scrios.

Mar sin, tá roinnt focal códaithe agus brí fholaithe iontu. Mar shampla, is í 'carraig an aifrinn' atá i gceist leis 'an Charraig', san amhrán seo. Bhaintí úsáid as an charraig mar áit cruinnithe do na daoine bochta a bhí faoi smacht ag na Sasanaigh le seans a thabhairt dóibh a gcreideamh a chleachtadh agus a choinneáil beo. Deirtear go gcuirtí éadach geal ar an chloch mar chomhartha don phobal go raibh aifreann le léamh.

Is é a bhí i gceist le 'mo ghrá' ná an Mhaighdean Mhuire. B'é 'an t-úll' an chailís.

Liricí[cuir in eagar | athraigh foinse]

An raibh tú ar an Charraig,
nó an bhfaca tú féin mo ghrá,
Nó an bhfaca tú gile na finne
agus scéimh na mná,
Nó an bhfaca tú an t-úll
ba chumhra is ba mhilse bláth,
Nó an bhfaca tú mo Vaillintín
is an raibh sí dá claoidh mar táim?
Ó, bhí mé ar an Charraig
agus chonaic mé féin do ghrá,
Agus chonaic mé gile na finne
agus scéimh na mná,
Agus chonaic mé an t-úll
ba chumhra is ba mhilse bláth,
Agus chonaic mé do Vailintín
is ní raibh sí dá claoidh mar táir.