An Volaifis
| Wolof | |
|---|---|
| Cineál | teanga nádúrtha agus teanga bheo |
| Úsáid | |
| Cainteoirí dúchais | 3,700,000 |
| Dúchasach do | an tSeineagáil, Brakna (en) |
| Stáit | an Mháratáin, an tSeineagáil agus an Ghaimbia |
| Comhordanáidí | 14° 06′ N, 15° 42′ O / 14.1°N,15.7°W |
| Aicmiú teangeolaíoch | |
| teanga dhaonna teangacha Nígir-Congó teangacha Atlantach-Congó Atlantic (en) Senegambian (en) | |
| Tréithe | |
| Córas scríbhneoireachta | aibítir Laidineach, Wolofal script (en) |
| Cóid | |
| ISO 639-1 | wo |
| ISO 639-2 | wol |
| ISO 639-3 | wol |
| Glottolog | wolo1247 |
| Linguasphere | 90-AAA-a |
| Ethnologue | wol |
| IETF | wo |
Is teanga í an Volaifis a labhraítear sa tSeineagáil, sa Ghaimbia, agus sa Mháratáin, agus is í teanga dhúchasach na Volafach í. Ceann de na teangacha Nígir-Chongócha í, agus í suite i mbrainse Atlantach na fine seo. Murab ionann agus an chuid is mó de theangacha an réigiúin, ní teanga thonúil í an Volaifis.
Is í an Volaifis an teanga is mó a labhraítear sa tSeineagáil. Glactar leis go bhfuil sí ó dhúchas ag 40% de mhuintir na tíre, agus an chuid eile bíonn sí acu mar theanga iasachta go minic. Tá Volaifis na gcathrach an-difriúil le Volaifis na tuaithe, áfach. An cineál Volaifise a chluinfeá i nDacár, mar shampla, tá go leor Fraincise agus Araibise measctha tríthi.
Maidir le gramadach na Volaifise is é an rud is suntasaí ná nach féidir na briathra a réimniú ar aon nós. Ina áit sin is iad na forainmneacha a réimnítear - is é sin baintear úsáid as forainmneacha éagsúla, nó foirmeacha éagsúla de na forainmneacha, leis an aimsir chaite, an aimsir láithreach agus araile a chur in iúl. Le fírinne áfach ní ar an aimsir atá an bhéim is mó sa réimniú seo féin ach ar ghné an bhriathair - is é sin cé acu gníomh críochnaithe atá i gceist nó gníomh atá ar obair i gcónaí.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]| Is síol faoi theangacha é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |