An Phróta-Cheiltis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de llenguaAn Phróta-Cheiltis
luach ar iarraidh
Cineálprótaitheanga
Úsáid
Dúchasach doIarthar na hEorpa
Stáitluach ar iarraidh
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
teangacha Ind-Eorpacha
teangacha Ceilteacha
Tréithe
Córas scríbhneoireachtaluach ar iarraidh

Is prótaitheanga hipitéiseach í an Phróta-Cheiltis, sinsearach coiteann na dteangacha Ceilteacha ar fad atá ar eolas. Shíolraigh sí ón Próta-Ind-Eorpais. Níl aon fhianaise scríofa ar fáil sa teanga, ach athchruthaíodh í go páirteach tríd an teangeolaíocht chomparáideach. Meastar go ginearálta gur labhraíodh Próta-Cheiltis idir 1300 agus 800 RC, agus gur scoilt sí ina teangacha éagsúla ina dhiaidh sin. Is minic a cheanglaítear an Phróta-Cheiltis le cultúr Urnfield agus go háirithe le cultúr Hallstatt. Tá tréithe coiteanna sna teangacha Ceilteacha agus sna teangacha Iodáilice nach bhfuil le fáil i gcraobhacha eile den Ind-Eorpais, rud a thugann le fios go bhféadfaí go raibh teanga amháin Iodáil-Cheilteach ann san aimsir chianaosta.

Tacaíonn fianaise ó Cheiltis na Mór-Roinne le hathchruthú fhóineolaíocht agus moirfeolaíocht na Próta-Cheiltise, ach níl go leor ábhair ar fáil chun comhréir na teanga a oibriú amach le cinnteacht, cé go bhfuil roinnt abairtí iomlána taifeadta i nGaillis na Mór-Roinne agus sa Cheiltibéiris. Mar sin, is ó theangacha Ceilteacha na nOileán a thagann an chuid is mó den fhianaise, go háirithe ó na foinsí litríochta is sine sa tSean-Ghaeilge[1] agus sa Mheán-Bhreatnais,[2] ag dul chomh fada siar leis an 6ú haois AD.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Celtic literature at britannica.com, rochtain 7 Feabhra 2018
  2. Rhys (1905). "The Origin of the Welsh Englyn and Kindred Metres". Y Cymmrodor XVIII. Londain: Honourable Society of Cymmrodorion.