An Néamharais
| नेवाः भाय् | |
|---|---|
| Cineál | teanga nádúrtha agus teanga bheo |
| Úsáid | |
| Cainteoirí dúchais | 1,000,000 |
| Dúchasach do | pobal Néamharach, Biohár, Sikkim, Beangál Thiar agus Bagmati Zone (en) |
| Stáit | Neipeal, an India agus an Bhútáin |
| Aicmiú teangeolaíoch | |
| teanga dhaonna teangacha Sín-Astrainéiseacha teangacha Sín-Tibéadacha Himalayish (en) Mahakiranti (en) Newari-Thangmi (en) | |
| Tréithe | |
| Córas scríbhneoireachta | script Dhéiveanágrach agus Ranjana (en) |
| Leibhéal leochaileachta | 3 cinnte i mbaol |
| Cóid | |
| ISO 639-2 | new |
| ISO 639-3 | new |
| Glottolog | newa1247 |
| Ethnologue | new |
| UNESCO | 1117 |
| IETF | new |
Ceann de na teangacha móra i Neipeal is ea an Néamharais.[1] Ní mór í a aithint thar an Neipeailis, nach bhfuil gaolmhar léi ar aon nós. Ceann de na teangacha Tibéideach-Burmacha is ea an teanga Nepal Bhasa, agus í gaolmhar leis an Tibéidis agus, fiú, leis an tSínis.
Is í an t-aon teanga amháin de chuid an ghrúpa sin a scríobhtar síos leis na litreacha Deiveanágracha, nó is le teangacha Ind-Eorpacha na hIndia is mó a shamhlaítear an aibítir sin.
Ba í Nepal Bhasa teanga riaracháin Neipeal ón 14ú haois go dtí go déanach san 18ú haois. Ag tosnú ag tús an 20ú haois d'fhulaing an teanga géarleanúint oifigiúil[2] Ón mbliain 1952 go 1991, thit céatadán na ndaoine i nGleann Kathmandu a labhair an teanga ó 75% to 44%,[3] Tá bagairt ar chultúr agus teanga an phobal Newar.[4] Liostálann UNESCO Nepal Bhasa mar theanga atá "i mbaol cinnte".[5]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ ““Néamharais” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-02-19.
- ↑ Tumbahang, Govinda Bahadur (2010). "Marginalization of Indigenous Languages of Nepal". Contributions to Nepalese Studies 37 (1): 73–74. CNAS/TU. Dáta rochtana: 16 Meitheamh 2014.
- ↑ "[https://web.archive.org/web/20160108161716/http://www.kpmalla.com/wp-content/uploads/2010/11/the-occupation-of-the-kathmandu..pdf/ The Occupation of the Kathmandu Valley and its Fallout]". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 8 Eanáir 2016. Dáta rochtana: 10 Samhain 2016.
- ↑ "Between the market and Comrade Mao: Newar cultural activism and ethnic/political movements (Nepal)".
- ↑ "UNESCO Atlas of the World's Languages in Danger".
| Is síol faoi theangacha é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |