An Mhongóilis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de llenguaAn Mhongóilis
монгол хэл, ᠮᠣᠨᠭᠭᠣᠯ ᠬᠡᠯᠡ agus ꡏꡡꡃ ꡢꡡꡙ ꡁꡦ ꡙꡦ
Cineálteanga, macraitheanga agus teanga bheo
Úsáid
Cainteoirí dúchais5,200,000 (2005)
Stáitan Mhongóil agus Daon-Phoblacht na Síne
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
Nostraitic
teangacha Altaecha
Mongolic (en) Aistrigh
Tréithe
Córas scríbhneoireachtaMongolian (en) Aistrigh, Aibítir Choireallach, ʼPhags-pa (en) Aistrigh, Soyombo (en) Aistrigh, aibítir Laidineach agus Mongolian Cyrillic alphabet (en) Aistrigh
Staidéar agMongolian studies (en) Aistrigh
Cóid
ISO 639-1mn
ISO 639-2mon
ISO 639-3mon
Glottologmong1331
Ethnologuemon
ASCL7902
IETFmn

Teanga Mhongólach is ea an Mhongóilis. Is í teanga oifigiúil na Mongóile í, áit a bhfuil sí á labhairt ag corradh is 2 mhilliún duine. Is í an aibítir Choireallach a úsáidtear leis an Mongóilis a scríobh sa Mhongóil féin, ach is í an aibítir Mhongólach atá in úsáid sa tSín. Le fírinne, is deacair a rá, an canúintí nó teangacha Mongólacha iad na leaganacha den teanga a labhraítear sa tSín. Sa Mhongóil féin, tá caighdeán na Mongóilise bunaithe ar an gcanúint a labhraítear sa stát sin, is é sin, an "Chalcha-Mhongóilis". Na Mongólaigh sa tSín, áfach, úsáideann siad i gcónaí an caighdeán clasaiceach a théann leis an aibítir Mhongólach. Tá sé i gceist ag na Mongólaigh sa Mhongóil féin cromadh ar ais ar a gcuid seanlitreach a úsáid, ach níor éirigh leis an athrú seo go rómhaith fós. Tá an scríbhneoireacht Chlasaiceach á múineadh sna scoileanna inniu, agus súil leis go rachaidh sí in úsáid níos forleithne de réir a chéile.

Teanga tháite ghreamaitheach í an Mhongóilis, is é sin, teanga shintéiseach, agus mar sin, is minic a chuirtear iarmhír i ndiaidh a chéile le tamhan an fhocail chun foirmeacha gramadaí a chruthú nó focail nua a fhréamhú. Tá deilbhíocht shaibhir ag na briathra, ó thaobh na n-aimsirí, na modhanna agus na rangabhálacha de, ach ní chuirtear pearsa an ainmní in iúl le haon iarmhír ar leith - caithfidh tú an t-ainmní a lua. (Is é sin, níl foirm sa Mhongóilis cosúil le "labhraím" na Gaeilge - caithfidh tú "labhraíonn mé" a rá.) Maidir leis na hainmfhocail, tá ocht dtuiseal acu: an t-ainmneach, an ginideach, an tabharthach, an t-áinsíoch, an t-ochslaíoch, an t-uirliseach, an tionlacthach, agus an treóch.

Labhraíonn fear Mhongóilis

Fuair an Mhongóilis a lán focal ar iasacht ó theangacha an réigiúin: an Tibéidis, an tSean-Tuircic, an tSanscrait, na teangacha Tungúsacha, agus an tSínis. Le déanaí, is iad an Béarla agus an Rúisis a fuair an lámh in uachtar mar fhoinsí iasachta - sa Mhongóil féin, ar a laghad. Tá coiste téarmaíochta ag stát na Mongóile ag soláthar téarmaí aistrithe, agus mar sin, tá an Mhongóilis réasúnta glan ó iasachtaí nua-aimseartha. Scéal eile, ar ndóigh, gur aistriúcháin focal ar fhocal ar na téarmaí coimhthíocha iad na téarmaí nuachumtha go minic.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]