An Liagán Órga

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí LeabharAn Liagán Órga
Cineálsaothar liteartha agus saothar scríofa Cuir in eagar ar Wikidata
Cárta innéacs
ÚdarRené Goscinny
Albert Uderzo Cuir in eagar ar Wikidata
Teangaan Fhraincis Cuir in eagar ar Wikidata
Tréith
Ar siúl i gcruinne ficseanúilAsterix universe (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid den tsraith
Asterix Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Suíomh gréasáinasterix.com… Cuir in eagar ar Wikidata

Leabhar maisithe é An Liagán Órga (Fraincis: Le Menhir d’or) a scríobh René Goscinny agus ar tharraing Albert Uderzo na léaráidí dó. Foilsíodh sa bhliain 1967 é i bhfoirm leabhair agus ceirnín. Bhí sé deacair go maith teacht ar chóipeanna den leabhar ina dhiaidh sin, rud a d’fhág nach raibh eolas chomh forleathan air mar leabhar.

Bliain thábhachtach ba ea 1967 i stair chruinne Asterix. B’in an chéad bhliain a raibh ciorclaíocht níos mó ná milliún ag aon leabhar amháin, sa chéad eagrán dó. Chomh maith leis sin tháinig an chéad scannán beochana amach sna pictiúrlanna Asterix le Gaulois, Asterix na nGallach an leagan Gaeilge den leabhar ar ar bunaíodh é. Bhí rath tar éis a bheith ar roinnt scéalta a ndearnadh taifeadadh orthu roimhe sin (Asterix le Gaulois, La Serpe d'or (Asterix agus an Corrán Óir)), ach ba chloch mhíle thábhachtach a bhí in An Liagán Órga, mar gur bunscéal a bhí ann, agus gurbh é an chéad cheann é a foilsíodh i bhfoirm leabhair ar leithligh ón tsraith greannán.

Leagan Athchóirithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rinneadh scanadh ar léaráidí leabhar/ceirnín 1967, agus bhí ar chomhghleacaithe Albert Uderzo cleasanna éagsúla a úsáid chun na léaráidí a athchóiriú le go mbeidís infhoilsithe. An rud ba dheacra: na dathanna a priontáladh le scáileán a bhaint ach a chinntiú, ag an am céanna, go gcoinneofaí ealaín dúigh Albert Uderzo gan athrú. Rinne na healaíontóirí nuashonrú agus coigeartú ar na dathanna le go mbeidís ag teacht leo sin a bhí sa bhunleabhar agus le go mbeadh cuma chomh maith céanna orthu is a bhí an chéad lá. Rinneadh leagan amach nua ar an leabhar freisin.

Chomh maith leis sin, don leagan Gaeilge a foilsíodh in 2023, rinneadh taifeadadh de chlosleagan ar féidir teacht air trí chód QR sa leabhar féin.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]