An Grúpa Euro
Jump to navigation
Jump to search
An Grúpa Euro is é an cruinniú d'Airí Airgeadais na mballstát a bhfuil an euro acu mar airgeadra oifigiúil. Is fóram neamhfhoirmiúil é an Grúpa Euro. Pléann Airí an limistéir euro ábhair a bhaineann lena bhfreagrachtaí comhpháirteacha maidir leis an euro. I measc na rannpháirtithe bíonn Uachtarán Ghrúpa an euro, an Coimisinéir um ghnóthaí geilleagracha agus airgeadaíochta, Uachtarán an Bhainc Cheannais Eorpaigh agus Airí Airgeadais na mballstát i limistéir an euro. De ghnáth tagann an Grúpa Euro le chéile uair sa mhí, roimh gach cruinniú Comhairle ECOFIN. Tionóladh céad chruinniú An Grúpa Euro ar an 4 Meitheamh 1998 i Château de Senningen i Lucsamburg.
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]
![]() |
Tá a thuilleadh meán ag Cómhaoin Wikimedia
a bhaineann leis an ábhar seo: Euro |