An Gasúr a Chaith na Pitseámaí Stríocacha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is leabhar é An Gasúr a Chaith na Pitseámaí Stríocacha ag an údar John Boyne agus a aistríodh go Gaeilge in 2007 mar cheann amháin de dhá leabhar atá foilsithe go dtí seo ag Bord Scrúduithe na Tuaiscirt (Northern Examinations Bord).

Achoimre ar an bPlota[athraigh | athraigh vicithéacs]

Díríonn an scéal seo ar bhuachaill darbh ainm Bruno atá ag fás aníos i mBeirlín na Gearmáine lena thuistí agus a dheirfiúir. Bogann siad go dtí an Pholainn le linn tréimhse fhrith-Ghiúdach sa Ghearmáin agus an Dara Cogadh Domhanda faoi lánseol. Déantar an bogadh seo mar gurb é athair Bruno ceannfort ar champa géibhinn (campa báis) in en:Auschwitz. D’ainneoin sin, déanann athair Bhruno cinnte de go bhfuil gnáthshaol den chuid is mó aige, ach is léir go bhfuil go leor ceisteanna aige agus tugann a chuid fiosrachta é go fál sreinge deilgní Auschwitz. Is ann a bhuaileann Bruno le Schmuel, buachaill maol, tanaí a shuíonn ar an taobh eile den fhál i bpitseámaí le stríocacha gorma is bána orthu. [1]

Éadaí Sachsenhausen

Cruthaítear cairdeas eatarthu, cairdeas a choimeádann siad faoi cheilt ó dhaoine eile thart timpeall orthu. Labhrann na buachaillí faoin saol aisteach atá acu agus deir Schmuel gur tháinig sé agus a theaghlach anseo chun obair a dhéanamh, ach gur scaradh óna chéile iad ag an tús agus nach bhfuil a thuismitheoirí ná aon duine eile dá theaghlach feicthe aige ó shin. Tar éis bliana réitíonn muintir Bruno bogadh ar ais chuig Beirlín, mar nach dtaitníonn an saol nua seo leo. Nuair a chloiseann Bruno go gcaithfidh sé imeacht, ritheann sé sall chuig claí Auschwitz chun slán a fhágáil le Schmuel. Socraíonn na buachaillí ar Bruno a thabhairt isteach sa champa ghéibhinn chun cabhrú le Schmuel teacht ar a athair. Tugann Schmuel pitseámaí stríochacha do Bruno, agus tosnaíonn siad ar an gcuardach. Trí thimpiste ritheann said i measc slua máirseála, a théann díreach isteach i gceann de na seomraí gáis. An rud deireanach a tharlaíonn ná beireann Bruno greim docht ar lámh Schmuel fad is a thiteann gáis marfach anuas orthu.[2]

Iarfhocal[athraigh | athraigh vicithéacs]

Caitheann máthair agus deirfiúir Bruno go leor ama á lorg sa ghairdín agus timpeall an tí. Tar éis cúpla seachtain beartaíonn siad taisteal ar ais chun na Gearmáine ar eagla gur fhág sé rompu. Ar ndóigh, níl sé ann. Filleann athair Bruno ar an áit inar aimsíodh carn éadaí in aice le claí Auschwitz, agus nuair a tharraingíonn sé aníos an claí agus feiceann sé spás mór go leor ina bhféadfadh buachaill beag dul faoi. Tuigeann sé ansin gur bhásaigh a mhac i seomraí gáis Auschwitz. Cruthaíonn bás a mhic laigeacht i gcorp agus i gcroí an cheannfoirt, agus faoin am a dtagann An t-Arm Dearg, ní dhéanann sé gearán ná agóideacht ar bith.[3]

An Cúlra Stairiúil[athraigh | athraigh vicithéacs]

Cuireadh tús leis an Dara Cogadh Domhanda ar an 1ú Meán Fómhair 1939 nuair a rinne an Ghearmáin (le en:Adolf Hitler mar cheannaire acu) ionradh ar an bPolainn. Ag úsáid modh nua cogaíochta darbh ainm blitzkrieg, ghlac an Ghearmáin, nó An Tríú Reich, seilbh ar an Iorua, an Danmhairg, an Bheilg, an Ollainn agus an Fhrainc faoi Mheitheamh 1940.

Is ag an am seo a thosaigh Hitler ar ‘An Réiteach Deiridh’ a chur i bhfeidhm – sluachampaí géibhinn a bhunú sna tíortha seo agus Giúdaigh ó gach cearn den Eoraip a thabhairt ann agus a chur ag obair iontu. Tugadh bearradh gruaige do na príosúnaithe seo, scaradh na fir ó na mná, agus tugadh culaith éadaí dóibh le stríopaí gorma is bána orthu. Níorbh fhada gur thosaigh siad ar na príosúnaithe seo a mharú go córasach, i seomraí gáis faoi bhréagriocht cithfholcthaí. Nuair a tháinig deireadh leis an gcogadh i Lúnasa 1945, maraíodh tuairim is sé mhilliún Giúdach fud fad na hEorpa. [4]

KZ Birkenau Hauptgebaude 320x240

Cur síos ar na príomhcharachtair[athraigh | athraigh vicithéacs]

Buachaill naoi mbliana d’aois is ea Bruno agus is léir nach bhfuil mórán aithne aige ar an saol thart timpeall air. Is buachaill soineanta é atá fiosrach, fáilteach agus cróga – léirítear é seo tríd a chairdeas le Schmuel. Is páiste maol, tanaí é Schmuel a rugadh ar an lá ceanann céanna le Bruno. Páiste machnamhach, faireach é atá i bhfad níos eolaí ar chruatan an tsaoil ná mar atá Bruno. Léirítear é seo tríd an eolas ar thíortha agus teangacha na hEorpa. Tá athair Bruno - an duine a bhfuil an campa géibhinn faoina cheannas aige – díograiseach agus dílis dá chuid oibre, agus cuireann sé dualgais a phost sin roimh a dhílseacht dá chlann, go dtí go dtuigeann sé conas ar chaill sé a mhac. Ní féidir leis leanacht ar aghaidh leis an obair chruálach seo a thuilleadh mar gheall ar an baint a bhí ag an gcampa le bás a mhic. [5]

Eolas beathaisnéise faoin údar[athraigh | athraigh vicithéacs]

Rugadh John Boyne i 1971 i mBaile Átha Cliath. Rinne sé staidéar ar Litríocht an Bhéarla i gColaiste na Trionóide agus Scríbhneoireacht Chruthaíoch ag Ollscoil Oirthear Anglia, áit ar bronnadh Duais Curtis Brown air. Is in 2006 foilsíodh a leabhar The Boy in the Striped Pyjamas, leabhar a tharaing cáil domhanda air. Bhuaigh sé Gradam Leabhair na hÉireann faoi dhó agus Leabhar Bisto na Bliana, chomh maith le duaiseanna idirnáisiúnta agus chaith an leabhar os cionn 80 seachtain ar bharr liosta na leabhar sárdhíolta an New York Times. Bhí sé ar bharr liosta na leabhar sárdhíola sa bhliain 2007 agus arís i 2008 agus tá thart ar 5 mhilliún cóip den leabhar díolta ar fud an domhain. [6]

An leabhar is déanaí uaidh ná Stay Where You Are and Then Leave a foilsíodh i Márta 2014. Foilseofar A History of Loneliness sa Ríocht Aontaithe i Meán Fómhar 2014.[7]

Stíl an údair[athraigh | athraigh vicithéacs]

Nuair a thosaigh Boyne ag scríobh den chéad uair, ba é gearrscéalta is mó a chleachtaigh sé agus foilsíodh an-chuid acu. Cuireadh an chéad scéal aige The Entertainments Jar ar aghaidh le haghaidh Gradam Litríochta Hennessy in Éirinn. Tá 70 gearrscéal dá chuid foilsithe go dtí seo.[8]

The boy in the striped pyjamas

An leagan scannánaithe[athraigh | athraigh vicithéacs]

In 2008 eisíodh scannán bunaithe ar an leabhar en:The Boy in the Striped Pajamas . Is dráma stairiúil é an scannán a stiúraigh Mark Herman, agus déanann Asa Butterfield agus Jack Scanlon páirt Bruno agus Schmuel faoi seach. [9]

Eolas ginearálta faoin leabhar[athraigh | athraigh vicithéacs]

Aistríodh an bunleabhar go 34 teangacha, an Ghaeilge san áireamh agus d’fhan sé ar liosta na leabhar sárdhíolta in Éirinn ar feadh níos mó ná bliana. Rinneadh an leabhar An Gasúr a Chaith na Pitseámaí Stríocacha mar aon le Anne Frank - Dialann Cailín Óig mar chuid de shaothar Bhord Scrúduithe na Tuaiscirt (Northern Examination Board (CCEA)) a bhí mar aidhm acu ábhar breise léitheoireachta a chur ar fáil agus mar sin méadú ar stór focal daltaí ar bhonn cruthaíoch. [10] Rinne Pádraig de Bléine, léachtóir ar Litríocht agus Teanga na Gaeilge i gColáiste Ollscoile Naomh Muire i mBéal Feirste. [11]

Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]

  1. Boyne, John (2006). "The Boy In The Striped Pyjamas". Dublin: David Fickling Books. 
  2. Boyne, John (2006). "The Boy In The Striped Pyjamas". Dublin: David Fickling Books. 
  3. Boyne, John (2011). "An Gasúr a Chaith na Pitseámaí Stríocacha". http://www.nicurriculum.org.uk/docs/irish_medium/key_stage_3/areas_of_learning/boy_in_stripped_pyjamas/An_Gas%C3%BAr_a_Chaith%E2%80%A6.pdf. 
  4. Encyclopaedia Britannica (2014). "World War II". http://www.britannica.com/EBchecked/topic/648813/World-War-II. 
  5. Boyne, John (2011). "An Gasúr a Chaith na Pitseámaí Stríocacha". http://www.nicurriculum.org.uk/docs/irish_medium/key_stage_3/areas_of_learning/boy_in_stripped_pyjamas/An_Gas%C3%BAr_a_Chaith%E2%80%A6.pdf. 
  6. John Boyne (2014). "Biography". http://www.johnboyne.com/about/. 
  7. John Boyne (2014). "Biography". http://www.johnboyne.com/about/. 
  8. John Boyne (2014). "Biography". http://www.johnboyne.com/about/. 
  9. IMDB (2008). "The Boy In The Striped Pajamas". http://www.imdb.com/title/tt0914798/. 
  10. Gaelscoileanna Teo (2013). "Moladh le CCEA – leabhair iontacha". http://www.gaelscoileanna.ie/en/news/media/moladh-le-ccea-leabhair-iontacha/. 
  11. St Mary's University College Belfast (2013). "Staff Details". http://www.stmarys-belfast.ac.uk/general/staff.asp?nq=1&mode=detail&staffid=221.