An Fhrigia

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilAn Fhrigia

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 40°N 30°E / 40°N 30°E / 40; 30
Neas-shuíomh réigiún traidisiúnta na Frigia san Áise Bheag (buí) agus uasleathnú na ríochta Fhrigiach (flannbhuí)
An Áise Bheag in aimsir na Diádochoí.

Tír ársa san Áise Bheag is ea an Fhrigia (ón tSean-Ghréigis: Φρυγία/phrugía). Tá sí suite idir Lydia agus an Chapadóic, ar an gcuid thiar den ardchlár Anatólach (an Tuirc sa lá atá inniu ann). De réir Héaradatais, go raibh an t-ainm Briges (nó Bryges) ar na Frigiaigh ar dtús agus d'fhanfaidís san Mhacadóin agus san Albáin, ansin rachaidís isteach san Tráicia, sula ndeachaigh siad ar imirce, tríd an Heilléaspontas beagán roimh Chogadh na Traí, chun socrú sa chathair seo, san Áise Bheag. Má tá an ceart ag Heireadótas, is féidir go raibh na Frigiaigh mar chuid de Phobail na Mara.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Suíomh Ghoirdion, príomhchathair na Frigia
Deoise na hÁise timpeall 400.

Is daoine Ind-Eorpacha ón Tráicia nó tuaisceart na Gréige iad na Frigiaigh. Deir Heireadótas linn gur chomharsana de chuid na Macadónach iad sa dara mílaoise RCh, agus gur athraigh siad ainm a muintire, "Bryges ", nuair a chuaigh siad ar imirce go dtí an Anatóil. D'fhorghabh siad timpeall 1200 RCh an chuid lárnach agus thiar den Áise Bheag, ag baint leasa as titim na hImpireachta Hití.

Bryges, na Frigiaigh Eorpacha

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]