An Drúcht Geal Ceo (The Foggy Dew)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de cançóAn Drúcht Geal Ceo

Closán

Cineálbailéad Éireannach
saothar ceoil
TaibheoirThe Dubliners, The Clancy Brothers, The Chieftains agus Shane MacGowan
Cumadóirtraidisiúnta
Musicbrainz: 59d7271c-a224-4da2-b456-35a58c4c195e Cuir in eagar ar Wikidata
Baile Átha Cliath scriosta, 1916

Is bailéad bríomhar beoga é The Foggy Dew, nó as Gaeilge, An Drúcht Geal Ceo, amhrán neartmhar agus stairiúil faoi Éirí Amach 1916.

An Canónach Charles O’Neill as Contae an Dúin a scríobh na bunliricí i mBéarla.[1]

The Foggy Dew Inn - An Spéir agus an Talamh, Loch Garman

An Drúcht Geal Ceo[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba é an t-údar iomráiteach as Rann na Feirste i nGaeltacht Thír Chonaill, Séamas Ó Grianna, a d’aistrigh go Gaeilge é. ‘An Drúcht Geal Ceo’ an teideal a thug ‘Máire’, ainm cleite Uí Ghrianna, ar an amhrán.

Liricí[cuir in eagar | athraigh foinse]

‘Gabháil síos a’ gleann dom i measc na gcrann

Go dtí an chathair aoibhinn shuairc

Bhí na slóite teann fána mílte lann

A’ teacht aníos gan ghruaim

Ní raibh crónán caoin as béalaibh píob

Ná drumaí a’ tógáil gleo

Ach an clog go binn a’ cur fáilte bhinn

Roimh an aingeal sa drúcht geal ceo.


Chroch siad in airde a mbrat go hard

Os cionn Chaisleán Bhaile Átha Cliath

Níor ní leo bás ‘fháil ag Sud-El-Bar

Agus Éire ina ndiaidh i bpian.

Is ó lár na Mí sea ghluais an scaoth

De laochra líofa beo

Agus slóite Gall a’ bailiú ’nall

A gcuid gunnaí sa drúcht geal ceo.


Ar shiúl mar chadhain, mo chreach is mo léan

Tá na céadta curadh cruaidh

Tá a gcnámha sínte ag Suvla an tsín

Nó fá chósta na mara thuaidh

Dá bhfaigheadh siad bás sa bhaile ar láimh

Leis an Phiarsach tá inniu sa ghlóir

Bheadh a n-uaigh faoin tsliabh i measc na bhFiann

Mar a dtiteann an drúcht geal ceo.


Siad plúr na laoch a thit faraor

I mbriseadh cruaidh na Cásc’

Agus d’fhág siad sinn go cráite tinn

Ag éagaoin fána mbás

Is bhí súile an tsaoil a’ breathnú an ghnímh

A rinne clanna Gael sa ghleo

Na leoin a d’éag le solas gléigeal

Na saoirse sa drúcht geal ceo.


Phill mé aníos fán ghleann arís

Is mo chroí bocht lán de bhrón

Is mé scartha chóich’ le plúr na laoch

Nach bhfeicfinn arís níos mó.

Is i lár na hóich’ sea bhímse ag guí

Le bhur gcónaí bheith sa ghlóir

Nó ruaig sibh na tráill, a fheara Fáil

Nuair a thit sibh sa drúcht geal ceo.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. NÓS (22ú Meán Fómhair 2015). "The Foggy Dew… as Gaeilge! Féach ar 'An Drúcht Geal Ceo'" (ga-IE). NÓS. Dáta rochtana: 2023-01-19.
  2. "An Drúcht Geal Ceo | The Foggy Dew - Gráinne Holland" (as en) .