An Chré
Cuma
Cumadh an phaidir An Chré (Credo: Laidin) ag Céad Chomhairle Nicé sa bhliain 325 AD. Úsáidtear go forleathain é i ndeasghnátha na hEaglaise Críostaí go dtí an lá atá inniu ann.
Téacs
[cuir in eagar | athraigh foinse]Siad na focail as Gaeilge ná:
- An Chré
- Creidim in aon Dia amháin,
- an tAthair uilechumhachtach,
- a rinne neamh agus talamh
- agus an uile ní sofheicthe agus dofheicthe.
- Agus in aon Tiarna amháin Íosa Críost, Mac Aonghine Dé,
- an té a rugadh ón Athair
- sula raibh aon saol ann.
- Dia ó Dhia, solas ó sholas,
- fíor-Dhia ó Fhíor-Dhia;
- an té a gineadh agus nach ndearnadh,
- agus atá de chomhshubstaint leis an Athair;
- is tríd a rinneadh an uile ní.
- Ar ár son-na, an cine daonna, agus ar son ár slánaithe,
- thuirling sé ó neamh.
- Ionchollaíodh le cumhacht an Spioraid Naoimh é
- i mbroinn na Maighdine Muire
- agus ghlac sé nádúr daonna.
- Céasadh ar an gcros é freisin ar ár son faoi Phontius Píoláit;
- d'fhulaing sé páis, agus adhlacadh é.
- D'aiséirigh an treas lá de réir mar a d'fhógair na Scrioptúir;
- chuaigh suas ar neamh; tá ina shuí ar dheis an Athar.
- Tiocfaidh sé an athuair faoi ghlóir
- le breithiúnas a thabhairt ar bheo agus ar mhairbh,
- agus ní bheidh deireadh lena ríocht.
- Creidim sa Spiorad Naomh,
- Tiarna agus bronntóir na beatha,
- an té a ghluaiseann ón Athair (agus ón Mac).
- Tugtar dó adhrach agus glóir,
- mar aon leis an Athair agus leis an Mac:
- is é a labhair trí na fáithe.
- Creidim san aon Eaglais, naofa, chaitliceach, aspalda.
- adhmhaím an t-aon bhaisteadh amháin
- chun maithiúnas na bpeacaí.
- Agus táim ag súil le haiséirí na marbh
- agus le beatha an tsaoil atá le teacht. Amen.