An Chlaoideach
| (ga) An Chlaoideach | ||||
| Cineál | Abhainn | |||
|---|---|---|---|---|
| Logainm.ie | 116187 | |||
| Suíomh | ||||
| Limistéar riaracháin | Éire | |||
| ||||
| Tréithe | ||||
| Airde os cionn na farraige | 22 m | |||
Is abhainn í an Chlaoideach.[1] Tá sí suite i gCeara, i gContae Mhaigh Eo.
Truailliú
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rinneadh slad mór ar éisc san Abhainn Mhór in aice le Mala i mí Lúnasa 2025. Maraíodh 42,000 iasc – bric bhuí fhiáine a mbunáite – i bhfad 30 ciliméadar den Abhainn Mhór idir Baile Lombaird agus Cill an Mhuilinn agus in dhá fho-abhainn léi, mar atá, An Abha Bheag agus An Chlaoideach. Ba é an slad ar éisc ba mhó riamh sa Stát é.
Ní fios fós cad ba chionsiocair leis. Cháin na daoine áitiúla sin na gníomhaireachtaí a d'fhiosraigh an slad as díriú an iomarca ar ghalar fungasach i measc na n-iasc a aimsiú nuair ba léir, dar leis na daoine sin, gur truailliú na habhann ba chúis leis.
In 2026 scríobh an Coimisiún Eorpach i dtuarascáil nár mhór do na húdaráis in Éirinn ciall cheannaithe a bheith acu agus feabhas a chur ar an gcaoi a dtéann siad i ngleic le sladanna tromchúiseacha ar éisc in aibhneacha na tíre.[2]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ “An Chlaoideach/Clydagh River | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
- ↑ Nuacht RTÉ (2026-02-13). "Slad ar éisc san Abhainn Mhór: 'ciall cheannaithe de dhíth'" (as ga-IE).
| Is síol faoi thíreolaíocht na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
