An Córas seascaidí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard is an córas seascaidí (bonn 60) ann ná córas uimhreach le seasca mar a bhonn. Thosaigh sé leis na Suiméaraigh ársa sa 3ú Mhílaoise RC, agus uathu siúd fuair na Bablónaigh ársa é, agus úsáidtear go fóill é - i bhfoirm mhodhnaithe - le haghaidh aga, uillinneacha, agus comhordanáidí geografacha a thomhas.

Táibléad Bablónach YBC 7289 ag taispeáint an uimhir 1;24,51,10 atá cóngarach don mhéid  √2

Tá ag an uimhir 60, uimhir an-ilchodach, dhá cheann déag de fachtóirí, eadhon {1, 2, 3, 4, 5, 6, 10, 12, 15, 20, 30, 60} a bhfuil dhá, trí, agus cúig de na huimhreacha sin ina uimhreacha príomha. Leis an oiread sin fachtóirí, simplítear go leor codán lena mbaineann uimhreacha seascadúla. Mar shampla, is féidir uair an chloig a roinnt go cothrom i chodanna de 30 nóiméad, 20 nóiméad, 15 nóiméad, 12 nóiméad, 10 nóiméad, 6 nóiméad, 5 nóiméad, 4 nóiméad, 3 nóiméad, 2 nóiméad, agus 1 nóiméad. Is í an uimhir seasca an uimhir is lú gur féidir a bheith inroinnte le gach uimhir ó a haon go dtí a sé, sé sin le rá, go bhfuil sí ina comhiolraí is lú de 1, 2, 3, 4, 5, agus 6.

San airteagal seo, léirítear na digití seascadúla go léir mar uimhreacha deachúlacha, ach amháin aon áit ina ndeirtear a mhalairt. [Mar shampla, ciallaíonn 10 a deich agus 60 seasca.]