An Céachta agus na Réaltaí
Léiríodh an dráma An Céachta agus na Réaltaí (Béarla: The Plough and the Stars) de chuid Sheáin Uí Chathasaigh den chéad uair in Amharclann na Mainistreach ar 8 Feabhra 1926. Ainmníodh é i ndiaidh an Chamchéachta, an bhratach shóisialach de chuid Arm Cathartha na hÉireann.
Plota[cuir in eagar | athraigh foinse]
Caitear súil sa dráma ar dhearcadh na ngnáthdhaoine i leith Éirí Amach 1916.[1] Is é is ábhar don dráma ná an dóigh a ndeachaigh an pholaitíocht réabhlóideach i gcion ar mhuintir na slumaí i mBaile Átha Cliath.
Glacadh[cuir in eagar | athraigh foinse]
Bhí uafás sa lucht féachana ag an am mar gheall ar an léiriú a thug sé ar Éirí Amach na Cásca. Lean círéibeacha an léiriú.[2] Bhí an Plough and the Stars ceaptha mar dhráma frithchogaidh. Ach is é an chiall a bhain an lucht féachana as ná gur dráma frithnáisiúnaíoch a bhí ann.
Bhí an scliúchas cosúil leis na círéibí a lean an Playboy of the Western World le John Millington Synge sa bhliain 1907.
Ach chuaigh an scéala i bhfeidhm go mór ar an bpobal níos déanaí. Mar sin, d'éirigh an Cathasach as a jab le cromadh ar an scríbhneoireacht go lánaimseartha.
Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ irishplayography.com (2014). "The Plough and the Stars". gaeilge.irishplayography.com. Dáta rochtana: 2021-07-13.
- ↑ ireland2016.gov.ie (2018-03-14). "The Plough and the Stars at the Abbey Theatre | Ireland 2016". web.archive.org. Dáta rochtana: 2021-07-13.