An Bille um Bás Cuidithe (Sasana agus an Bhreatain Bheag)
Tír | an Ríocht Aontaithe |
---|
Ritheadh Bille Comhalta Phríobháidigh i dTeach na dTeachtaí i Westminster ar an 29 Samhain 2024, an Terminally Ill Adults (End of Life) Bill nó An Bille um Bás Cuidithe. D'fhéadfadh sé go mbeadh cosaint dlí amach anseo i Sasana agus sa Bhreatain Bheag ag an mbás cuidithe. Sin a bhuíochas do móramh na bhfeisirí i bParlaimint na Breataine in 2024 ag tabhairt a mbeannacht don reachtaíocht atá á beartú i dtaca leis seo.[1]
Cúlra
[cuir in eagar | athraigh foinse]Faoi láthair tá bás cuidithe in aghaidh an dlí i Sasana agus sa Bhreatain Bheag agus d'fhéadfaí suas le 14 bliain de théarma príosúin a ghearradh ar aon duine a chiontaítear i gcuidiú le duine a shaol a ghiorrú.[1]
Tugadh isteach Bille i nDáil Éireann um Bás Cuidithe sa bhliain 2024 chomh maith. Chuaigh an Bille as feidhm le lánscor na Dála agus an tSeanaid sa bhliain 2024.
Reachtaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Faoin mbille, cheadófaí do dhuine deireadh a chur leis féin sa gcás is gurbh í tuairim dhochtúirí agus lucht leighis faoi nach sáródh sé fad saoil 6 mhí. Chaithfeadh an té a bheadh i gceist a bheith os cionn 18 bliain d'aois.
Ar an 29 Samhain 2024, vótáil 330 feisire ar a shon agus 275 ina choinne i ndiaidh na díospóireachta a bhí sách teasaí ar uairimh agus a mhair beagnach 5 uair a chloig. Ceadaíodh do na feisirí uilig vótáil i dTeach na dTeachtaí de réir a gcoinsiasa. Ba í an feisire ón Lucht Oibre,Kim Leadbeater a thug an bille os comhair na parlaiminte.[1]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- An Bille um Bás Cuidithe Saorálach, Tithe an Oireachtais, 2024[2]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 1.2 Nuacht RTÉ (2024-11-29). "Feisirí ag vótáil i bhfábhar bille maidir le bás cuidithe" (as ga).
- ↑ Tithe an Oireachtais (2024-06-18). "An Bille um Bás Cuidithe Saorálach, 2024 – Uimh. 50 de 2024 – Tithe an Oireachtais" (ga). www.oireachtas.ie. Dáta rochtana: 2024-11-30.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |