Jump to content

An Biúró um Shócmhainní Coiriúla

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Gníomhaireacht feidhmithe dlí é an Biúró um Shócmhainní Coiriúla[1] agus í ag obair in Éirinn. Nuair a cuireadh an Biúró ar bun, dílsíodh cumhachtaí ar leith dó le díriú ar shócmhainní ar tháinig coirpigh ina seilbh de thoradh a gcuid tromchionta. Is é is cuspóir don Bhiúró ná sócmhainní coiriúla a aithint le féachaint chuige nach féidir leis na coirpigh úsáid a bhaint as na sócmhainní sin. Is é an sás is fearr chuige sin ná an tAcht um Fháltais ó Choireacht a reachtaíodh sa bhliain 1996.

Bunaíodh an Biúró sa bhliain 1996 mar fhoras corparáideach a bhfuil comharbas suthain aige, agus é ag tarraingt ar chuidiú ó ghníomhaireachtaí éagsúla ar nós lucht feidhmithe dlí, bailitheoirí cánach, feidhmeannaigh leasa shóisialta agus speisialtóirí eile ar nós dlíodóirí, foiréinsiceoirí agus lucht anailísithe airgeadais. Meastar gur patrún agus múnla é an coincheap ilghníomhaireachtaí seo do dhlínsí Eorpacha eile.

Ní rannóg de chuid an Gharda Síochána é an Biúró ach foras ar leith cé go bhfuil a lán cumhachtaí aige den chineál a shamhlófaí leis na Gardaí. An duine a cheaptar mar Phríomh-Oifigeach ar an mBiúró, is gnách gur Garda é agus céim an Ard-Cheannfoirt aige. Is é Coimisinéir na nGardaí a cheapann é.

An chuid eile d'fhoireann an Bhiúró, is é an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais a cheapann iad. Cibé cineál cumhachtaí a bhí ag feidhmeannaigh an Bhiúró roimh an gceapachán, caomhnóidh siad na cumhachtaí céanna agus rochtain acu ar eolas agus ar bhunachair shonraí taobh amuigh den Bhiúró dá réir sin.

I Mí Dheireadh Fómhair den bhliain 2014, dúirt Cigireacht an Gharda Síochána gur "múnla maith é" a bhí sa chumas roinnte eolais seo ar chóir do na húdaráis eile seachas an Biúró aithris a dhéanamh air.


Cuireann an Biúró tuarascáil bhliantúil faoi bhráid an Aire trí Choimisinéir an Gharda, agus teacht ag Tithe an Oireachtais ar an tuarascáil sin chomh maith. Mar shampla in 2024 dhíol Biúró um Shócmhainní Coiriúla 20 áit chónaithe, an líon is mó a díoladh in aon bhliain amháin ó bunaíodh an t-aonad speisialta i 1996. Is €930,000 a fuarthas ar theach Kinahan, teach mór galánta in eastát geataithe Lochanna an Uisce Fhuair i dTeach Sagard in iardheisceart Chontae Bhaile Átha Cliath. Is €17 milliún san iomlán a thug an Biúró um Shócmhainní Coiriúla ar láimh don Státchiste in 2024, lenar áiríodh €3.1 milliún i bhfáltais ó choireacht; €500,000 in íocaíochtaí leasa shóisialta a fuarthas go calaoiseach; agus €13.3 milliún i gcáin 'ó dhrochéadáil'.[2]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Na Gardaí Síochána

  1. Béarla: Criminal Assets Bureau, CAB
  2. Nuacht RTÉ (2025-11-04). "€17 milliún tugtha isteach ag Biúró Sócmhainní Coiriúla in 2024" (as ga-IE).