An Bhalcóin (péintéireacht)
Jump to navigation
Jump to search
Péintéireacht ola is ea an Bhalcóin (Fraincis: Le balcon), agus is é Édouard Manet a phéinteáil an pictiúr sa bhliain 1874, a bhí ar taispeáint insan Salon de peinture et de sculpture, sa bhliain 1869. Léiríonn an phéintéireacht ceithre fhigiúir. Ar thaobh na láimhe clé tá Berthe Morisot, a phós Eugène, bean chéile deartháir Manet, sa bhliain 1874. Sa lár, tá an péintéir Jean Baptiste Antoine Guillemet. Ar dheis, tá Fanny Claus, veidhleadóir. An ceathrú figiúr, leathfholaithe sa chúlra, ar an taobh istigh, is ea, b'fhéidir, Léon Leenhoff, mac Manet.[1] Bhí an phéintéireacht i seilbh Manet go dtí lá a bháis. Díoladh é le Gustave Caillebotte i 1884, agus tá sé á choimeád faoi láthair ag an Musée d'Orsay i bPáras.
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ "Manet's The Balcony". Archived from the original on 9 June 2012.