An Baile Thiar

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Sráidbhaile i dToraigh is ea an Baile Thiar. Is sa Bhaile Thiar atá cónaí ar an gcuid is mó de mhuintir an oileáin agus is ann atá an bhunscoil agus an mheánscoil, an siopa, teach an phobail, oifig an phoist, an Gailearaí, an caife, an clubtheach, an t-óstán, an brú óige, lóistín leaba agus bricfeasta, an t-ionad sláinte agus oifig an Chomharchumainn suite.