Jump to content

Amybeth McNulty

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaAmybeth McNulty

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith7 Samhain 2001
24 bliana d'aois
Dún na nGall, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheDún na nGall
Gníomhaíocht
Gairmaisteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre2014 
Saothar
Saothar suntasach

IMDB: nm6741374 Allocine: 749304 TMDB.org: 1780007
X: AmybethMcnulty Instagram: amybethmcnulty Threads: amybethmcnulty Cuir in eagar ar Wikidata

Is aisteoir Éireannach í Amybeth McNulty. Rugadh ar 7 Samhain 2001 i Leitir Ceanainn í. Tá cáil bainte amach aice mar an carachtar Anne Shirley ar an chlár teilifíse Anne with an E (2017-19)[1] agus mar Vickie sa tsraith Netflix Stranger Things (2022–2025).

Saol pearsanta

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh in Ospidéal Ginearálta Leitir Ceanainn í agus tógadh i mBaile na nGallóglach í. Bhí a h-athair Éireannach agus a máthair Ceanadach. Rinne sí scolaíocht bhaile. Ba bhall den "amharclann óige" in Amharclann an Ghrianáin í agus oileadh i mbailé agus aisteoireacht í ansin.

Nuair a bhí sí 19 d'aois, bhog sí ó Dhún na nGall go Londain. Is déghnéasach í agus tháinig sí amach in 2020. Is veigeatóir í.

Scannánliosta

[cuir in eagar | athraigh foinse]
BliainTeidealRólNótaí eile
2014 A Risky Undertaking Ariadne Pleasant
2016 Morgan Morgan óg
2019 Black Medicine Áine
All My Puny Sorrows Nora Von Riesen
2024 She Came Back Charlie McLeod
2024 Maternal Charly
2025 Ballistic Diana
BliainTeidealRólNótaí eile
2014 Agatha Raisin' Agatha Óg 1 eipeasóid
2015 Clean Break Jenny Rane 4 eipeasóid
2015 The Sparticle Mystery Sputnik Eipeasóid: "The Fisher Girls" agus "The Raid"
2017-2019 Anne with an E Anne Shirley Príomhpháirt
2022-2025 Stranger Things Victoria "Vickie" Dunne Ról athfhillteach (séasúr 4); príomhpháirt (séasúr 5)
  1. Póilín Nic Géidigh (2019-12-31). "Sraitheanna Teilifíse na Deichaoise - cuid a dó" (en-GB). NÓS. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2025-06-13. Dáta rochtana: 2026-01-19.

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]