Amhrán Mhuínse

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de cançóAmhrán Mhuínse
Cineálsaothar ceoil
Seánrasean-nós
Teangaan Ghaeilge

Amhrán sean-nóis is ea Amhrán Mhuínse, ó pheann Ghaillimheach darb ainm Máire Ní Chlochartaigh[1]. Bean ar leaba an bháis atá i gceist san amhrán, agus í ag súil le sochraid bhreá chroíúil ina baile dúchais Muínis (i ngar do Charna).

Focail[cuir in eagar | athraigh foinse]

'S dhá mbeinn trí léig i bhfarraige

Nó i sléibhte i bhfad ó thír,

'S gan aon neach beo i mo ghaobhar ann

Ach raithneach glas is fraoch,

An sneachta dhá shéideadh anuas orm

'S an ghaoth dhá fhuadach dhíom,

'S mé a bheith ag comhrá le mo Taimín Bán

'S níorbh fhada liom an oíche.


'S a Mhuire dhílis, céard a dhéanfas mé,

Tá an geimhreadh seo 'tíocht fuar,

'S a Mhuire dhílis, céard a dhéanfas

An teach seo is a bhfuil ann?

Nach óg, a stór, a d'imigh tú,

Le linn na huaire breá,

Le linn don chuach bheith ag seinm ceoil,

'S gach duilliúr glas ag fás.


'S má bhíonn mo chlann sa mbaile a'am

An oíche a bhfaighidh mé bás,

Ó tórróidh siad go groíúil mé

Trí oíche is trí lá;

Beidh píopaí deasa cailce a'am

'S na ceaigeannaí is iad lán,

'S beidh triúr ban óg ó shléibhte ann

Le mé a chaoineadh os cionn cláir.


Is gearraí amach mo chónra dhom

As fíorscoth geal na gclár,

'S má tá Seán Ó hEidhin i Muínis

Bíodh sé déanta ón a láimh;

Bíodh mo chaipín is mo ribín inti istigh,

'S iad go ridheas ar mo cheann,

'S tabharfadh Paidín Mór go Muínis mé

Nó is garbh a bhéas an lá.


Gabháil siar thar Inse Gaine dhom

Bíodh an bhratach insa gcrann,

'S ná cuir' i Leitir Caladh mé

Mar ní ann atá mo dhream;

Ach tugaí siar go Muínis mé,

'N áit a gcaoinfear mé go hard,

Beidh soilse ar na dúmhchannaí

'S ní bheidh uaigneas orm ann.

Leaganacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Liadán
  • Máirtín Seoighe
  • Áine Ní Dhroighneáin ar fhuaimrian an scannáin Cré na Cille[2]

Tuilleadh léitheoireachta[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Leabhar Mór na nAmhrán, Cló Iar Chonnacht
  • Blas Meala, Irish Academic Press, 1985

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]