Amhrán Mhuínse
Cineál | saothar ceoil |
---|---|
Seánra | sean-nós |
Teanga | an Ghaeilge |
Amhrán sean-nóis is ea Amhrán Mhuínse, ó pheann Ghaillimheach darb ainm Máire Ní Chlochartaigh[1]. Bean ar leaba an bháis atá i gceist san amhrán, agus í ag súil le sochraid bhreá chroíúil ina baile dúchais Muínis (i ngar do Charna).
Focail
[cuir in eagar | athraigh foinse]'S dhá mbeinn trí léig i bhfarraige
Nó i sléibhte i bhfad ó thír,
'S gan aon neach beo i mo ghaobhar ann
Ach raithneach glas is fraoch,
An sneachta dhá shéideadh anuas orm
'S an ghaoth dhá fhuadach dhíom,
'S mé a bheith ag comhrá le mo Taimín Bán
'S níorbh fhada liom an oíche.
'S a Mhuire dhílis, céard a dhéanfas mé,
Tá an geimhreadh seo 'tíocht fuar,
'S a Mhuire dhílis, céard a dhéanfas
An teach seo is a bhfuil ann?
Nach óg, a stór, a d'imigh tú,
Le linn na huaire breá,
Le linn don chuach bheith ag seinm ceoil,
'S gach duilliúr glas ag fás.
'S má bhíonn mo chlann sa mbaile a'am
An oíche a bhfaighidh mé bás,
Ó tórróidh siad go groíúil mé
Trí oíche is trí lá;
Beidh píopaí deasa cailce a'am
'S na ceaigeannaí is iad lán,
'S beidh triúr ban óg ó shléibhte ann
Le mé a chaoineadh os cionn cláir.
Is gearraí amach mo chónra dhom
As fíorscoth geal na gclár,
'S má tá Seán Ó hEidhin i Muínis
Bíodh sé déanta ón a láimh;
Bíodh mo chaipín is mo ribín inti istigh,
'S iad go ridheas ar mo cheann,
'S tabharfadh Paidín Mór go Muínis mé
Nó is garbh a bhéas an lá.
Gabháil siar thar Inse Gaine dhom
Bíodh an bhratach insa gcrann,
'S ná cuir' i Leitir Caladh mé
Mar ní ann atá mo dhream;
Ach tugaí siar go Muínis mé,
'N áit a gcaoinfear mé go hard,
Beidh soilse ar na dúmhchannaí
'S ní bheidh uaigneas orm ann.
Leaganacha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Liadán
- Máirtín Seoighe
- Áine Ní Dhroighneáin ar fhuaimrian an scannáin Cré na Cille[2]
Tuilleadh léitheoireachta
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Leabhar Mór na nAmhrán, Cló Iar Chonnacht
- Blas Meala, Irish Academic Press, 1985