Alief (staid mheabhrach)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

San fhealsúnacht agus sa tsíceolaíocht, is éard is alief ann ná dearcadh uathoibríoch atá cosúil le creideamh (belief) ach a thagann salach ar rud éigin a chreidtear go comhfhiosach.[1] Is imeartas focal é, bunaithe ar an bhfocal Béarla belief.

Mar shampla, d'fhéadfadh duine atá ina sheasamh ar bhalcóin thrédhearcach a chreidiúint go bhfuil sé slán sábháilte, ach, san am céanna, alief a bheith aige go bhfuil sé i mbaol. Nó is alief ba chúis leis an drogall a d'fhéadfadh a bheith ar dhuine uisce a ól as soitheach leapa steirilithe, cé go dtuigeann sé go mbeadh sé slán sábháilte.

Is é Tamar Gendler, ollamh le fealsúnacht agus le heolaíocht chognaíoch in Ollscoil Yale, a cheap an téarma alief, in dhá alt thábhachtacha a foilsíodh in 2008.[2] Ó foilsíodh na hailt seo, bhain Gendler agus scoláirí eile — Paul Bloom[3] agus Daniel Dennett[4] ina measc — úsáid as an gcoincheap seo chun míniú ar dhéanamh ar raon feiniméan síceolaíochta, mar shampla an taitneamh a bhaintear as scéalta,[3] marthanacht seachmall dearfach,[4] creidimh reiligiúnacha áirithe,[5] agus fadhbanna síciatracha ar nós fóibí agus neamhord éigníoch dúghafach.[4]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Tamar Szabó Gendler, Alief and Belief" (2009-01-27). PhilPapers. doi:10.5840/jphil20081051025. Dáta rochtana: 2010-06-01. 
  2. Philosopher's Annual”. Philosophersannual.org. Dáta rochtana: 2010-05-27.
  3. 3.0 3.1 Bloom (2011). "How Pleasure Works: The New Science of Why We Like What We Like". W. W. Norton & Co. ISBN 978-0393340006. 
  4. 4.0 4.1 4.2 T. McKay (2009). "The Evolution of Misbelief". Behavioral and Brain Sciences 32 (6): 493–510. doi:10.1017/S0140525X09990975. PMID 20105353. 
  5. K. Mitch Hodge (2011). "On Imagining the Afterlife". Journal of Cognition and Culture 11 (3–4): 367–389. doi:10.1163/156853711X591305.