Alexandr Mikhailovich Prokhorov
Cuma
Fisiceoir Sóivéadach a rugadh in Atherton na hAstráile ab ea Alexandr Mikhailovich Prokhorov (11 Iúil 1916 – 8 Eanáir 2002).
Bhuaigh sé Duais Nobel na Fisice sa bhliain 1964 lena chomhghleacaí Nikolai Basov agus Charles Townes as a shaothar bunúsach ar leictreonaic chandamach, a raibh aimplitheoirí is ascaltóirí, bunaithe ar phrionsabal an mhéasair is an léasair, mar thoradh air.
Ceapadh é freisin mar phríomheagarthóir ar Mhórchiclipéid an Aontais Shóivéadaigh.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Alexandr Mikhailovich Prokhorov". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 540.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |