Aithris (bitheolaíocht)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Taispeántas na dathaithrise idir an fheithid Mantis religiosa agus an planda Asteraceae

Sa bhitheolaíocht éabhlóideach, is éard is aithris ann ná an chosúlacht a léiríonn speiceas amháin d'ainmhithe, ach go háirithe na feithidí, le speiceas eile, a chosnaíonn é nó an dá cheann acu ó chreachadóirí. Is féidir gurb i dtéarmaí dealraimh, crutha, iompraíochta, fuaime, bolaidh nó fiú suímh, a aimsítear an mhacasamhail agus iad beirt an-ghar dá chéile.

Tarlaíonn an aithris nuair a fabhraíonn grúpa orgánach, na haithriseoirí, i dtreo is go gcomhroinneann siad tréithe meabhairbhraite coiteann le grúpa eile, na samhlacha. Stiúrann gníomh roghnach an ghlacadóra an éabhlóid. Mar shampla, éin a bhaineann úsáid as radharc chun feithidí inite a aithint (an t-aithriseoir), ach ag an am céanna a sheachnaíonn na samhlacha urchóideacha.

Tógtha le chéile, tugtar aithris choimpléasc ar an staid seo. De ghnáth, is speiceas eile é an tsamhail ach amháin i gcásanna na huasúileth-aithrise. Is minic gurb orgánach idirmheánacha eile an glacadóir comhartha cosúil le creachóir coiteann an dá speiceas, ach d'fhéadfadh sé gurb é an tsamhail féin, mar shampla leamhan ag déanamh aithris ar a damhán alla, a chreachadóir. Mar idirghníomhaíocht, bíonn an aithris i bhformhór na gcásanna ina bhuntáiste do na haithriseoirí agus ina mhíbhuntaiste don ghlacadóir, ach is féidir go mbeadh méadú, laghdú nó gan éifeacht a bheith ar oiriúnachta na samhla, ag brath ar an staid. Bíonn sé deacair samhlacha a shainmhíniú i gcásanna áirithe, mar shampla, is féidir nach mbíonn spotaí súl cosúil le súile orgánaigh ar leith eile, agus is minic nach féidir duaithníocht a chur i leith aon tsamhail ar leith.

An chiaróg dhuille (Chrysolina americana) i bhfolach ar an phlanda 'Salvia sp'.

Go bunúsach, is éard is duaithníocht ann (sa chás ina mbíonn speiceas cosúil len a thimpeallacht) ná amharcaithris. Sa lár, idir 'duaithníocht' agus 'aithris' bíonn a mhiméis ann, ina thógann an t-aithriseoir airíonna ruda nó orgánaigh ar leith, agus is airíonna iad atá neodrach don glacadóir comharthaná. Is féidir an easpa fíor-idirdhealaithe idir an dá feiniméin a fheiceáil in ainmhithe atá cosúil le craobhóga, coirt, duilleoga nó [ bláth|bláthanna]], sa mhéid is go mbíonn siad aicmithe go minic mar 'duaithnithe' (Is cuid den phlanda a "thimpeallacht"), ach rangaítear iad uaireanta mar aithriseoirí (bíonn planda ina orgánach feisin). Is coincheap níos leithne é 'an criopsach' (Béarla:Crypsis) a chuimsíonn gach cineál modha a n-úsaidtear chun braite a sheachaint, mar shampla aithris, duaithníocht, dul i bhfolach srl