Aistriú (síciatracht)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Sa tsíciatracht, ceangal neamhaireachtálach a dhéanann duine idir mothúcháin a bhaineadh ar dtús le duine suntasach óna óige (a thuismitheoirí, b'fhéidir) le duine nó daoine eile (go minic leis an síciteiripí). Uaireanta, éascaíonn sé seo scrúdú a dheacrachtaí luatha nár réitíodh riamh. Freud a chum an téarma i 1895.