Aiseipteacht
Easpa miocrorgánach ar an gcraiceann nó créacht. Is annamh a bhaintear an staid ideálach amach in obráidí máinliachta, ach déantar gach iarracht in obrádlanna í a bhaint amach. Caitear lámhainní is gúnaí steirilithe, steirilítear le teas nó ceimiceáin na dromchlaí, na hionstraimí, na táithíní cadáis, na bindealáin, agus baintear an t-aer truaillithe amach as an obrádlann an t-am ar fad, á athnuachan le haer steirilithe.
![]() | Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
![]() | Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |