Jump to content

Aisdúichiú na hoidhreachta cultúir

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Dealbha Cré-umha Bheinin iMúsaem na Breataine

Sna 2020idí, d'éirigh aiseag agus aisdúichiú na hoidhreachta cultúir[1] ina shaincheist chasta agus íogair. Tharla roinnt cásanna ardphróifíle inar thug institiúidí cultúir déantáin ar ais do na háiteanna ba dhual dóibh.[2]

Thosaigh iarsmalanna agus institiúidí sna 2020idí a mbailiúcháin a 'dhíchoilíniú' mar gheall, go pointe áirithe, ar fheachtais amhail 'Rhodes Must Fall' (tá feachtas leanúnach ar bun chun dealbh de Cecil Rhodes a bhaint anuas)[3] agus 'Black Lives Matter', agus mar gheall ar bhéim athraitheach atáthar a leagan, sa lá atá inniu ann, ar an gcaoi ar cheart bailiúcháin a chur i láthair in iarsmalanna.[4]

Sa bhliain 2023, bunaíodh sainchoiste chun comhairle a chur ar Rialtas na hÉireann ar shaincheisteanna a bhaineann le haiseag agus aisdúichiú ábhair atá íogair ó thaobh an chultúir de in Éirinn.[2]

  • Sa bhliain 1890, goideadh blaoscanna as reilig Mhainistir Naomh Colmáin in Inis Bó Finne agus tugadh iad chuig Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Bhí fairsing ag an am coirp a thógáil ar mhaithe adúradh "leis an staidéar eolaíoch" - le ghabhail ag tomhais agus ag staidéar blaoscanna. Sa bhliain 2023, ghabh ceann feádhain na hOllscoile, an Probhast Linda Doyle, leithscéal le muintir an oileáin, agus tugadh na blaoscanna ar ais lena n-adhlacadh i mí Iúil 2023.[5] Tógadh blaoscanna eile as Árainn agus as an nGleann i gCiarraí Theas.
  • Creachadh Dealbha Cré-umha Bheinin ón Nigéir sa bhliain 1897. Tá cuid de na dealbha cré-umha sin anois in Ard-Mhúsaem na hÉireann i mBaile Átha Cliath.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. i mBéarla, Restitution or repatriation of cultural property and museum artefacts / collections
  2. 2.0 2.1 "Coiste comhairleach nua maidir le haiseag agus aisdúichiú na hoidhreachta cultúir" (ga). www.gov.ie (2023-06-20). Dáta rochtana: 2024-10-10.
  3. "Rhodes Must Fall" (as en) (2024-09-29). Wikipedia. 
  4. RTÉ (2024-10-03). "Iarsmaí - cé leo iad?" (as ga-IE). 
  5. Nuacht RTÉ (2023-02-23). ""Meas agus dínit" ag dul do thaisí Inis Bó Finne" (as ga-IE).