Aisíditímidín

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Druga a chuireann bac ar atáirgeadh víreas HIV (víreas easpa imdhíonachta daonna, nó VEID), an reitrivíreas is bun le siondróm easpa imdhíonachta faighte (SEIF nó AIDS) ina measc. Fuair déantóirí an druga ceadúnas go han-tapa de bharr na práinne maidir le AIDS, ach fuarthas go raibh a úsáid chliniciúil teoranta mar theiripe. Is féidir leis an galar a mhoilliú, ach ní haon leigheas é ar na siomtóim. Tá sé tocsaineach, agus éiríonn an duine frithsheasmhach ina choinne go tapa.