Ainéimiméadar

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula equipament informàticAinéimiméadar

Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí bunúsacha
Úsáidanemometry (en) Aistrigh
In úsáid agmeteorological observer (en) Aistrigh, mairnéalach, eitleoir agus feirmeoir
Tomhasánwind speed (en) Aistrigh

Feiste chun luas sruth aeir a thomhas, a úsáidtear de ghnáth chun luas na gaoithe nó luas feithicle ag taisteal tríd an aer a thomhas. 3 phríomhtheicníocht a bhíonn in úsáid. Tomhaistear ráta rothlaithe muileann gaoithe, le liáin a rothlaíonn i bplána ceartingearach nó cupáin ag rothlú i bplána cothrománach. Tomhaistear ráta fuaraithe (ag an aer ag gluaiseacht thart) sreinge atá téite le sruth leictreach. Bealach eile is ea an difríocht brú a thomhas idir béal oscailte feadáin atá dírithe isteach ar an aer gluaiste is poll oscailte ar thaobh an fheadáin atá dírithe ingearach le treo gluaiste an aeir (feadán Pitot).[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Ainéimiméadar". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 23.