Feadán Pitot
Cuma
Ionstraim chun luas sreabháin a thomhas ina shruth, ainmnithe as an innealtóir Francach Henri Pitot (1695-1771). Tugtar aghaidh oscailte an fheadáin i gcoinne an tsreafa agus ceanglaítear le taobh amháin den mhanaiméadar é. Tugtar aghaidh oscailte feadáin eile go hingearach leis an sreabhadh agus ceanglaítear é le taobh eile an mhanaiméadair. Tomhaistear an difríocht brú leis an manaiméadar. Bíonn an tomhas seo ina fheidhm den luas, agus is féidir é a ghrádú la scála luais.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Feadán Pitot". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 521.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |