Aimil
Cuma
CH3CH2CH2CH2CH2-, peintil i scéim IUPAC. Grúpa a dhíorthaítear ó pheantán trí adamh amháin hidrigine a bhaint. Is codán stáirse le meáchan íseal adamhach í amalós. Is codán ola fiúsail é alcól aimile, meascán de chuid mhaith isiméirí de C5H11OH le boladh bréan is fiuchphointe timpeall 130 °C. Is amalóideach é an meascán próitéiní is polaisiúicrídí a fhosaítear mar ábhar snáithíneach in orgáin ainmhithe nuair a bhíonn galair áirithe acu.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Aimil". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 22.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |