Amfaitéatar

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Aimfitéatar)
Laistigh den Cholasaem, amfaitéatar sa Róimh

Amharclann faoin spéir is ea amfaitéatar, le céimeanna suíochán timpeall ar spás ciorclach nó ubhchruthach léirithe. Tháinig an focal ón bhfocal Shean-Ghréigise ἀμφιθέατρον (amphithéatron), a thagann féin ón bhfocal ἀμφί (amphi), a chiallaíonn ar 'ar an dá thaobh' nó 'timpeall' agus ón bhfocal θέατρον (théātron), a chiallaíon 'áit féachana'.

Shaothraigh na Rómhánaigh an fhoirm seo foirgnimh ó bhunúis Éatruscacha, b'fhéidir, le haghaidh comhrac gliairí agus eachtraí is léirithe eile. Tógadh na hamfaitéatair luatha as adhmad, ach de réir a chéile is as cloch a tógadh iad. Tógadh an chéad cheann sa Róimh féin i 59 RC.

Tá samplaí le feiceáil fós i bPompeii (70 RC), Verona (290 AD), agus an Colasaem (72-80 AD) sa Róimh le suíocháin do 50,000 duine.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Aimfitéatar". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 22.