Jump to content

Ailtireacht naimhdeach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Stodaí miotail ar chéimeanna in Marseille na Fraince

Is straitéis sa dearadh uirbeach í an ailtireacht naimhdeach ina n-úsáidtear gnéithe den timpeallacht thógtha chun iompar an phobail a rialú nó a shrianadh ar bhealach éigin. Is minic a chuirtear an ailtireacht naimhdeach i bhfeidhm in aghaidh daoine a bhaineann úsáid as spásanna poiblí go rialta, mar shampla an t-aos óg, na boicht, agus daoine gan dídean, trí srian a chur ar na rudaí is féidir leo a dhéanamh go poiblí.[1]

Mar shampla, i gcathracha éagsúla, leabaítear stodaí i ndromchlaí cothroma (binsí, céimeanna, srl.) sa chaoi nach bhféadfaidh daoine gan dídean suí síos orthu nó codladh a dhéanamh orthu.[2][3] Tá go leor samplaí eile ann; ina measc, leaca fuinneoige atá claonta ionas nach féidir suí síos orthu; tacaí uillinne ar bhinsí chun cosc a chur ar luí orthu; spréirí uisce a chur i bhfeidhm ó am go ham; agus boscaí bruscair poiblí a bhfuil béal an-bheag orthu sa chaoi nach féidir bruscar toirtiúil a chur iontu.[4] Úsáidtear ailtireacht naimhdeach freisin chun stop a chur le clárscátáil, rothaíocht BMX, scátáil inlíne, caitheamh bruscair, máinneáil, mún poiblí,[5] agus treaspás.