Ailtireacht na Róimhe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ailtireacht na Róimhe

Foirm ailtireachta clasaicí a tháinig in ionad úsáid shoiléir na gcolún is na gcothromán ag na Gréagaigh, inar forbraíodh úsáid phlaisteach le foirmeacha cruinne cosúil leis an áirse, an boghta is an cruinneachán. Ba mhó an iontaoibh as ballaí ná roimhe sin, agus ba mhó úsáid mhaisithe na n-oird ailtireachta. Forbraíodh an choincréit is a húsáid le brící sa tógáil agus scileanna ábhartha innealtóireachta. Mar thoradh bhí na Rómhánaigh in ann foirgnimh cosúil leis an gColasaem (72-80) is Paintéón na Róimhe le cruinneachán 43 m ar leithead (100-125) a thógáil. I measc na bhfoirgnimh teaghlaigh bhí an domus, teach cathrach aon stór, bunaithe timpeall ar aitriam, an insula, bloc tionóntáin cathrach ilstórach, agus an villa, teach cónaithe tuaithe a bhí sómasach go minic is a bhain a bharrchéim amach i villa Haidriain i dTivoli (123). Foirgnimh shamplacha Rómhánacha eile is ea an áirse caithréime, an pálás baislí is na folcadáin phoiblí (thermae) lena bpleanáil chasta ag cuimsiú a bpluiméireachta is a dtéamh.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Ailtireacht na Róimhe". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 21.