Ailtireacht na Peirse
Cuma
Ailtireacht na hIaráine seanda, ag tosú le foirgnimh dhaingnithe sa 8ú-7ú céad RC. Ina dhiaidh sin bhí colúin is ballaí ramhra, déanta as cloch is brící láibe, maisithe go lonrach le rilífí, brící glónraithe is stucó snoite. Sampla iontach is ea Pálás Peirsipilise (c 518–460 RC) le halla an chéad colún mar sheomra na ríchathaoireach. As an bPeirs a tháinig an dearadh croschruthach don mhosc san ailtireacht Ioslamach, ón mosc in Isfahan (1612–1638).[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Ailtireacht na Peirse". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 21.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |