Aeráid fhásaigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Réigiúin ina fhaightear aeráid fhásaigh

██ BWh

██ BWk

Fásach san Atacama.

Is éard is aeráid fhásaigh ann (in aicmiú aeráide Köppen BWh agus BWk, uaireanta freisin BWn), ná aeráid ina mbíonn an t-imghalú acmhainneach (an t-uasmhéid cailliúint uisce, muna mbeadh aon teorainn leis an soláthar uisce) níos mó ná an deascadh. Glactar leis go bhfuil réigiún tur muna bhfaigheann sé 250 mm báistí in aghaidh na bliana i dtíortha idir domhanleithid 15° is 30° ó thuaidh agus ó dheas ón meánchiorcal. Faightear an chuid is mó de ghaineamhlaigh theo an Domhain sa chrios tur.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Crios tur". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 181.