Jump to content

Adewale Akinnuoye-Agbaje

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaAdewale Akinnuoye-Agbaje

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith22 Lúnasa 1967
58 bliana d'aois
Islington, England Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnSoka Gakkai
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste an Rí, Londain
University of London Worldwide (en) Aistrigh
Ollscoil Londan Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheLos Angeles
Gníomhaíocht
Gairmaisteoir, aisteoir teilifíse, aisteoir scannáin, scríbhneoir scripte, stiúrthóir scannán Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1993 
TeangachaBéarla
Gradam a fuarthas

IMDB: nm0015382 Allocine: 16893 Rottentomatoes: celebrity/adewale_akinnouyeagbaje Allmovie: p241570 TV.com: people/adewale-akinnuoye-agbaje TMDB.org: 31164
Facebook: AdewaleAkinnuoyeAgbaje X: adewale Instagram: therealadewale Discogs: 2699859 Cuir in eagar ar Wikidata

Is aisteoir é Adewale Akinnuoye-Agbaje a rugadh sa Bhreatain ar 22 Lúnasa 1967. Is ón Nigéir dá mhuintir agus chuir siad fúthu i Londain. Rugadh Akinnuoye-Agbaje in Islington agus tá ceathrar deirfiúr aige. Tá a lán teangacha aige - Béarla, Iodáilis, Iarúibis (teanga a thuismitheoirí) agus Svahaílis. Bhain sé amach céim mar Mháistir sa Dlí i gColáiste an Rí i Londain. Is Búdaí é Akinnuoye-Agbaje[1] agus tá sé ar lucht leanúna Arsenal F.C.

Rinne Adewale páirt an bhithiúnaigh Simon Adebisi ar Oz, clár de chuid HBO, agus páirt Mr Eko ar Lost, clár teilifíse de chuid ABC i Meiriceá. D'iarr sé cead scoir de bharr bhás a thuismitheoirí agus chun scannán a stiúradh. Déanann sé a chuid féin d'aon pháirt a fhaigheann sé (rud ba chúis leis an iomrá gur chaill sé a pháirt in “Lost” toisc gur ghabh sé neamhchuidiúlacht an charachtair air féin).

Tháinig sé os comhair an cheamara den chéad uair sa bhliain 1994 i bhfíseán Dawn Penn le haghaidh "No, No, No (You Don't Love me)", amhrán lasta dá cuid. Timpeall an ama chéanna bhí sé feiceáil san fhíseán a bhí ag gabháil le "Jealousy", amhrán de chuid na Pet Shop Boys a raibh an-ráchairt air. Is iomaí páirt a rinne sé i scannáin ó shin, agus bhí sé ina ath-thíoránach Afracach in "The Bourne Identity" (2002).

BliainScannánRól
1995CongoKahega
Delta of VenusThe Clairvoyant
Ace Ventura: When Nature CallsHitu
1998LegionnaireLuther
2001The Mummy ReturnsLock-Nah
Lip ServiceSebastion
2002The Bourne IdentityNykwana Wombosi
2004UnstoppableJunod
2005Mistress of SpicesKwesi
On the OneBull Sharky
Get Rich or Die Tryin'Majestic
2009G.I. Joe: The Rise of CobraHeavy Duty

Fiseáin Cheoil

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. "‘Lost’ in Hawaii, Part 2 - INQUIRER.net, Philippine News for Filipinos". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2008-09-17. Dáta rochtana: 2009-07-07.

Naisc Sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]