Adetokunbo Ademola
Adetokunbo Ademola | |||||
---|---|---|---|---|---|
1958 - 1972 | |||||
Saol | |||||
Eolas breithe | Abeokuta, 1ú Feabhra 1906 | ||||
Náisiúntacht | An Nigéir | ||||
Teanga dhúchais | An Iarúibis | ||||
Bás | Lagos, 29 Eanáir 1993 | ||||
Muintir | |||||
Céile/Céilí | Kofoworola Ademola | ||||
Oideachas | |||||
Alma mater | Selwyn College (en) ![]() King's College, Lagos (en) ![]() St Gregory's College, Lagos (en) ![]() | ||||
Teangacha | an Béarla An Iarúibis Pidsean na Nigéire | ||||
Gairm | |||||
Gairm | breitheamh agus dlíodóir | ||||
Duaiseanna |
Dara Príomh-Bhreitheamh na Nigéire, agus prionsa Egbach, ab ea "Ọmọba"[1] An Ridire Adetokunbo Ademola (1 Feabhra 1906 – 29 Eanáir 1993).[2]
Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]
Mac le Ademola II, Alake Thír na nEgbach in Abeokuta, cathair in iardheisceart na Nigéire, ab ea é. Mar sin, ba phrionsa de chuid na nIarúbach é.[3]
Rinne Ademola staidéar ar an dlí i gColáiste Selwyn, Cambridge. Glaodh chun an Bharra air ag an Teampall Láir, Londain sa bhliain 1934.

Tar éis dó bheith ag obair mar státseirbhíseach agus giúistís, le briseadh ag cleachtadh go príobháideach (1936-39), ceapadh Ademola ina bhreitheamh sa bhliain 1949.
Rinneadh Príomh-Bhreitheamh Iarthar na Nigéire de sa bhliain 1955 agus Príomh-Bhreitheamh na tíre ar fad trí bliana dár gcionn, 1958. Agus Ademola ina Phríomh-Bhreitheamh, bhí ról ríthábhachtach aige maidir leis an Nigéir a choimeád le chéile le linn na tréimhse an-chorrach, an Cogadh Cathartha, ag deireadh na 1960idí agus tús na 1970idí. Bhí de chlú air gur fear céillí, críonna é, agus ionraic chomh maith.[2]
In éineacht leis An Dochtúir Teslin Olawale Elias, a bhí ina Phríomh-Bhreitheamh ina dhiaidh, bhí páirt mhór aige agus Scoil Dlí na Nigéire á cur ar bun.[3]
Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ "Oba (ruler)" (as en) (2022-01-24). Wikipedia.
- ↑ 2.0 2.1 Peters Ifeoma (2017-07-20). "Fallen Legal Heroes - Sir Adetokunbo Ademola - DNL Legal and Style" (en-US). Dáta rochtana: 2022-01-29.
- ↑ 3.0 3.1 Scoil Dlí, COBÁC (2021). "Adetokunbo Ademola" (ga). Facebook. Dáta rochtana: 2022-01-29.