An Iarúibis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de llenguaAn Iarúibis
Èdè Yorùbá agus Yorùbá

Cineálteanga agus teanga bheo
Úsáid
Cainteoirí dúchais37,800,000 (2019)
Dúchasach doan Nigéir, Beinin, Tóga, Lagos, Stát Ogun, Osun State (en) Aistrigh, Oyo State (en) Aistrigh, Ekiti State (en) Aistrigh agus Ondo State (en) Aistrigh
Stáitan Nigéir, Beinin agus Tóga
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
teangacha Nígir-Congó
teangacha Atlantach-Congó
teangacha Volta-Congó
teangacha Benue-Congó
Defoid (en) Aistrigh
Yoruboid (en) Aistrigh
Tréithe
Córas scríbhneoireachtaaibítir Laidineach
Cóid
ISO 639-1yo
ISO 639-2yor
ISO 639-3yor
Glottologyoru1245
Ethnologueyor
ASCL9212
IETFyo

Teanga í an Iarúibis (èdè Yorùbá sa teanga féin) atá á labhairt ag tríocha milliún duine, nach beag, in Iarthar na hAfraice. Ar dtús ba í teanga an dreama eitnigh ar a dtugtar na hIarúbaigh í, ach ar na saolta seo chuaigh sí in úsáid i bhfad taobh amuigh a dúiche féin, agus baintear úsáid an fhrancbhéarla aisti go fairsing. Dá réir sin, is iomaí canúint agus leagan neamhdhúchasach den Iarúibis atá ann. Tá leagan caighdeánach ann, ach san am chéanna tá sé ina chúis achrainn ag na cainteoirí i gcónaí cad is "dea-Iarúibis" nó "Iarúibis cheart" ann. Sa Nigéir is mó a labhraítear í, chomh maith leis na tíortha in aice leis an Nigéir, agus san Oileán Úr chloisfeá focail Iarúibise uathu siúd atá ag cleachtadh santeríacandomblé, leaganacha Meiriceánaithe de sheanchreideamh na hAfraice. i gCúba tugtar Lucumí ar an gcreideamh áitiúil Afrai-Mheiriceánach agus ar an teanga a úsáidtear i liotúirge an chreidimh - go bunúsach Iarúibis atá ann cé go bhfuil cramba na Spáinnise ar an bhfuaimniú, agus ní thuigeann lucht an chreidimh féin cad é atá siad a rá.

Ceann de na teangacha Nígearach-Chongócha í an Iarúibis, agus dlúthghaol aici leis na teangacha úd Itsekiri agus Igala a labhraítear sa réigiún chéanna. Teanga scoite í, is é sin, ní úsáidtear iarmhíreanna, réimíreanna, díchlaontaí ná réimnithe san Iarúibis. Teanga thonúil í chomh maith, is é sin is féidir nach bhfuil de dhifríocht idir dhá fhocal ach an tuin. Úsáidtear comharthaí diaicritice leis na tuineanna a idirdhealú sa teanga scríofa: is í an agúid (arb ionann í agus síneadh fada na Gaeilge) a chuireann in iúl an tuin ard, is í an ghraif (arb ionann í agus síneadh fada Ghaeilge na hAlban) a chuireann in iúl an tuin íseal, agus ní úsáidtear comhartha ar bith de ghnáth leis an tuin idir eatarthu a thaispeáint, ach amháin os cionn na gconsan srónach, ar féidir leo gnó an ghuta a dhéanamh, is é sin, siolla a iompar. Sa chás sin cuirtear macrón, is é sin, líne chothrománach, os cionn na litreach, cf. "mise". Úsáidtear ponc taobh thíos den dá litir úd o agus e lena chur in iúl gur leagan oscailte den ghuta atá i gceist: ó bẹ́ "phreab sé".

"Ár nAthair" in Iarúibis

Tá a litriú féin ag muintir Bheinin le haghaidh na hIarúibise. Thar aon rud eile úsáideann siad na comharthaí teangeolaíocha, mar atá, ɛ (in áit ẹ) agus ɔ (seachas ọ), leis an dá ghuta oscailte a scríobh, rud a bhaineann le comhchaighdeánú litrithe na dteangacha dúchasacha go léir sa tír.

Tá an Iarúibis saibhir i bhfocail iasachta ón Araibis agus ón mBéarla. Mar theanga láidir réigiúnach, chuaigh sí féin i bhfeidhm ar na teangacha ina timpeall.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]