Acht Féiniúlachta agus Teanga (Tuaisceart Éireann) 2022
Cineál | Acht Poiblí Ginearálta de Pharlaimint na Ríochta Aontaithe ![]() | ||
---|---|---|---|
Fógairt | 6 Nollaig 2022 ![]() | ||
Dáta foilsithe | 2022 ![]() | ||

Ar 6 Nollaig 2022, tugadh Aontú an Rí don Acht Féiniúlachta agus Teanga (Tuaisceart Éireann) 2022 (Béarla: Identity and Language (Northern Ireland) Act 2022).[1]
Reachtaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tugann an tAcht stádas oifigiúil sa dlí don Ghaeilge agus don Ultais, chomh maith le beirt Choimisinéirí, duine don Ghaeilge agus duine don Ultais, agus oifig cultúir agus féiniúlachta.[2] Is é an ról atá ag an gCoimisinéir Teanga ná an Ghaeilge a chosaint agus a chur chun cinn i measc na n-eagras poiblí. Déanann an coimisinéir monatóireacht ar chur i bhfeidhm na gcaighdeán agus déanann sé nó sí gearáin a fhiosrú.[3]
Cuireann an reachtaíocht ar ceal Acht (Éire) Riar na Córa (Teanga) 1737, dlí a achtaíodh sa bhliain 1737 agus a chuir cosc ar úsáid na Gaeilge sna cúirteanna.
Céimeanna
[cuir in eagar | athraigh foinse]Síníodh Comhaontú Chill Rìmhinn i mí Dheireadh Fómhair 2006.[4] Gheall Rialtas na Breataine in Aguisín B go mbeadh Acht Teanga Ghaeilge ann:
"‘agus go oibreoidh sé i gcomhar leis an Fheidhmeannas atá le teacht le forbairt na Gaeilge a mhéadú agus a chosaint."
Bhí lucht feachtais ag troid le fada an lá ar son na reachtaíochta teanga.
Gealladh na hoifigí Coimisinéir Gaeilge agus Coimisinéir Ultaise i dTuaisceart Éireann in 2020 sa mhargadh New Deal, New Approach. Ach ansin tharraing an Páirtí Aontachtach Daonlathach, amach as na hinstitiúidí ó thuaidh.[5] Le linn Meitheamh - Iúil 2022, phléigh Teach na dTiarnaí an reachtaíocht.[6]
Ritheadh an Bille in Westminster faoi dheireadh sa bhliain 2022 mar gur theip ar thionól Stormont an beart a dhéanamh.[3]
Ar an 6 Nollaig 2022, tugadh Beannacht an Rí[2] ach gan Coimisinéir bhí an reachtaíocht gan feidhm.
I mí an Mheithimh 2023, fógraíodh i dTeach na dTiarnaí go raibh tús curtha leis an bpróiseas rialacháin a mbeidh Acht Gaeilge sa Tuaisceart mar thoradh air.[7][8]
I dtús mhí an Mhárta 2025, bhí tús curtha ag Feidhmeannas Stormont leis an bpróiseas le Coimisinéir na Gaeilge a bhunú i dTuaisceart Éireann.[9] Is é an ról atá ag an Choimisinéir Teanga ná na caighdeáin teanga a leagan amach do chomhlachtaí poiblí agus iniúchadh a dhéanamh ar ghearáin sa chás go ndéanfadh na comhlachtaí poiblí faillí ina ndualgais teanga.[10]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 legislation.gov.uk. ""An Act to make provision about national and cultural identity and language in Northern Ireland."".
- ↑ 2.0 2.1 "‘Beannacht an Rí’ faighte ag reachtaíocht don Ghaeilge" (ga-IE). Tuairisc.ie (2022-12-06). Dáta rochtana: 2023-06-06.
- ↑ 3.0 3.1 Pádraic Ó Ciardha (26 Deireadh Fómhair 2022). "‘Lá stairiúil, lá sonais’ – reachtaíocht teanga nua don Tuaisceart rite in Westminster" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-06-06.
- ↑ dfa.ie (2006). "St Andrews agreement". Dáta rochtana: 2019.
- ↑ Conradh na Gaeilge, Londain (8 Márta 2025). "Nuacht Mhall (Tír Eoghain)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2025-03-08.
- ↑ arliament.uk (14 Iúil 2022). "Lords concludes scrutiny of Bill". Dáta rochtana: 2023.
- ↑ Nuacht RTÉ (2023-06-06). "Tús le próiseas a mbeidh Acht Gaeilge ó thuaidh mar thoradh air" (as ga-IE).
- ↑ Rebecca Black PA (2023-06-06). "Appointment of language commissioners for Irish and Ulster-Scots moves closer" (en). The Irish News. Dáta rochtana: 2023-06-06.
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-03-06). "'Cor stairiúil' agus Coimisinéir Gaeilge beartaithe ag Stormont" (as ga-IE).
- ↑ Conradh na Gaeilge, Londain (8 Márta 2025). "Nuacht Mhall (Tír Eoghain)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2025-03-08.