Jump to content

Accenture

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaAccenture
lang=ga
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálgnó
cuideachta phoiblí
comhlacht comhairliúcháin Cuir in eagar ar Wikidata
Réimse oibreinformation technology consulting (en) Aistrigh agus outsourcing (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlíTeoranta Cuir in eagar ar Wikidata
Stair
Dáta a bunaíodh1989, Hamilton Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Ball deFondúireacht Linux
German-Swiss Chamber of Commerce (en) Aistrigh
JS Foundation (en) Aistrigh
Deutsche Gesellschaft für Wehrtechnik Cuir in eagar ar Wikidata
Stocmhalartán(NYSE ACN) Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
Príomhoifigeach feidhmiúcháinJulie Sweet (2019–) Cuir in eagar ar Wikidata
Líon fostaithe733,000 (2023) Cuir in eagar ar Wikidata
Fochomhlacht
Úinéir de
Cuid deS&P 500 Cuir in eagar ar Wikidata
Táscaire eacnamaíoch
Ioncam iomlán61,594 M$ (2022) Cuir in eagar ar Wikidata
Glanbhrabús6,877 M$ (2022) Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Gradam a fuarthas

Suíomh gréasáinhttps://www.accenture.com/
Facebook: accenture Twitter: Accenture Instagram: accenture LinkedIn: accenture Cuir in eagar ar Wikidata

Is comhlacht seirbhísí comhairleacha, bunaithe i mBaile Átha Cliath, é Accenture plc. Is i mBaile Átha Cliath atá a gceanncheathrú in ainm a bheith,[1] ach tá an comhlacht liostálaithe ar an NYSE:mar ACN. Cuireann Accenture seirbhísí ar fáil do bhancanna, eagrais stáit agus mórchuideachtaí tionsclaíochta agus cógaisíochtaí ar fud na cruinne.[2]

Tairiscint phoiblí thosaigh ar an NYSE, 2001
Oslo, Pride 2015

Sa bhliain 2007, bhí breis is 175,000 duine i 49 tír fostaithe ag Accenture, agus ghin an comhlacht glanioncam de US$20 billiún. I dtús na bliana 2023, bhí 738,000 duine ag obair ann[3] agus glanioncam de US$62 billiún.[4]

D'fhógair Accenture ar 23 Márta 2023 go raibh 2.5% den fhoireann dhomhanda le ligean chun siúil acu, nó 19,000 duine. Léiriú ab ea é sin ar an drogall a bhí ar chorparáidí móra, i bhfianaise na héiginnteachta eacnamaíochta a bhí ann sa bhliain 2023, airgead a chaitheamh ar na seirbhísí comhairleacha a chuireann leithéidí Accenture ar fáil.[5]

Julie Sweet, príomhfheidhmeannach ó 2016,[6] bunaithe sna S.A

Bhí na cuideachta seirbhísí buailte go dona ag an ngearradh siar sa bhliain 2022/2023 ag mórchuideachtaí teicneolaíochta ar nós Meta srl. Bhí - agus tá - na mílte fostaí ag Accenture ag feidhmiú mar a bheadh seachfhoinsithe – curtha amach ag obair ar chonradh – le ollchuideachtaí teicneolaíochta cosúil le Meta agus Microsoft.

Accenture in Éirinn

[cuir in eagar | athraigh foinse]

I dtús na bliana 2023, bhí thart ar 6,500 duine fostaithe ag an gcomhlacht in Éirinn agus d'fhógair Accenture go raibh siad le suas le 400 ball foirne in Éirinn a ligean chun siúil as a gcuid postanna. Ach ar 31 Iúil, d'fhógair an comhlacht go raibh beagnach 900 duine ag imeacht [2].

Sin 14% den 6,500 atá fostaithe acu sa tír.

Accenture agus an Ghaeilge

[cuir in eagar | athraigh foinse]

I mí Iúil 2007 bunaíodh Cumann Gaelach Accenture, chun an Ghaeilge a chur chun cinn sa chomhlacht.[7] Bhí breis is 250 duine cláraithe mar bhaill, ceann de na grúpaí sóisialta is mó i Accenture in Éirinn.

Sa bhliain 2023, ní raibh focal ar bith as Gaeilge le fail ar shuíomh Accenture.[3]

  1. "Accenture Newsroom: Accenture Announces Proposed Change of Incorporation to Ireland". web.archive.org (2011-07-20). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2011-07-20. Dáta rochtana: 2023-03-24.
  2. 2.0 2.1 Nuacht RTÉ (2023-07-31). "890 le ligean chun siúil ag Accenture" (as ga). 
  3. 3.0 3.1 "About Our Company | Accenture" (en). www.accenture.com. Dáta rochtana: 2023-03-24.
  4. "Accenture revenue by region 2022" (en). Statista. Dáta rochtana: 2023-03-24.
  5. Nuacht RTÉ (2023-03-23). "Accenture le suas le 400 oibrí in Éirinn a ligean chun siúil" (as ga). 
  6. "Julie Sweet" (as en) (2023-03-09). Wikipedia. 
  7. Lá Nua - Alt faoi Cumann Gaelach Accenture, Gaelport, 24 Ean 2008

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]