Abeliophyllum
| Abeliophyllum distichum | |
|---|---|
| Planda | |
| Cineál an toraidh | samár |
| Stádas caomhnaithe | |
| Speiceas i mbaol | |
| AICD | 13188339 |
| Tacsanomaíocht | |
| Ríocht | Plantae |
| Ord | Lamiales |
| Fine | Oleaceae |
| Treibh | Forsythieae |
| Géineas | Abeliophyllum |
| Speiceas | Abeliophyllum distichum Nakai |
| Léarscáil de raon an tacsóin | |
| Ceantair eindéimeacha | |
Géineas monathíopúil de phlandaí bláthanna san fhine olóige, Oleaceae. is ea Abeliophyllum (Gaeilge:Foirsítia bhán). Tá sé comhdéanta de speiséas amháin, Abeliophyllum distichum Nakai, speicis cheantracha na Cóiré, áit a bhfuil sé i mbaol san fhiántas, Ní bhíonn sé ar fáil ag amháin i seacht suíomh. Tá gaol aige le Foirsítia, ach éagsúil uaidh mar go bhfuil bláthanna bána, ní buí, aige.
Is tor duillsilteach é a fhásann go 1-2 m ar airde. Bíonn a dhuillí urchomhaireach lena chéile, simplí, 6-10 cm ar fhad agus 3-4.5 cm ar leithead, caithreach os cionn agus faoi bhun araon. Táirgtear na bláthanna san luath-earrach sula dtagann na duilleoga nua; bíonn siad bán agus cumhra, thart ar 1 cm ar fhad, le coróinín ceithremhaothánach. Bíonn an toradh cruinn, ina shamár sciathánach 2-3 cm trastomhas.
Tá sé saothraithe mar phlanda ornáideach san Eoraip agus i Meiriceá Thuaidh.