Abair Leat!

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Abair leat)
Bosca Sonraí Suíomh GréasáinAbair Leat!
Cineálseirbhís líonrú sóisialta Cuir in eagar ar Wikidata
Iontráil i seirbhís2012 Cuir in eagar ar Wikidata

Is láithreán líonraithe shóisialta é Abair Leat! a bunaíodh in Éirinn sa bhliain 2012.[1]

Tá "Abair leat!" ar an gcéad láithreán líonraithe shóisialta do theanga mhionlaigh ar domhan.[fíoras?] Ba mhaith leis an bhfeachtas breis is 50,000 a bheith ar an láithreán ag deireadh na bliana 2012[fíoras?] agus faoi seo tá breis is 6,150 cuntais ann anois.[fíoras?] Tá 5,958 acu sin ina gcónaí in Éirinn, 99 i Meiriceá, 31 sa Ríocht Aontaithe, agus cónaíonn na daoine eile i dtíortha eile.[fíoras?]

Bhí Abair Leat ar an nuacht - mar shampla The Sun, Gaelsceal, TG4, srl.[2][3]

Thosaigh sé i gColáiste Lurgan, coláiste samhraidh Gaeilge, ag tús na bliana 2012. Tá sé mar chuspóir ag Abair Leat daoine a spreagadh chun úsáid na Gaeilge. Cuireadh Abair Leat le chéile ag baint úsáide as an ardán idirlín Contain. Is gá líon áirithe Gaeilge a bheith i ngach teachtaireacht. Tá grúpaí tábhachtacha ar an suíomh - mar shampla Ros na Rún, Gaelscéal, TG4, Ponc 4, is mar sin de.

Is féidir nuashonruithe a dhéanamh, "Is maith liom" a rá faoi rudaí, daoine a leanúint is araile. Is do dhaoine óga agus dhaoine fásta é, cuidíonn sé le daoine atá ag foghlaim Gaeilge, tosaitheoirí san áireamh.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc[cuir in eagar | athraigh foinse]