Uí Thoirtre
Dream agus fo-ríocht na Oiriall ba ea Uí Thoitre (Sean-Ghaeilge Uí Tuirtri[1]), ainmnithe as a sinsear eapainmneach, Fiachu Tuirtri mac Colla Uais
Go luath sa chéad mhíle aois, bhíodh na tailte Uí Thoitre mar chuid de ríocht na gCruithne san Ulaid. Tar éis choncas na Trí Cholla, shín siad ón Abhainn Mhór taobh ó dheas de Dhún Geanainn go dtí an Bior[2] (Abhainn na Scríne[3] an lae inniu), suite taobh o thuaidh den Tobar Mór.
Tháinig an chlann Uí Fhloinn i gceannas in Uí Thoirtre, agus a mbunáit acu i gcrannóg lasmuigh den tsráidbhaile Dhíseart Mhártain an lae inniu. Nuair a cruthaíodh an bharúntacht sa cheantar, ainmníodh í as loch na crannóige Loch Inse Uí Fhloinn. Na céadta bliain i gcéin, phós bean éigin Uí Fhloinn le Seán Mór Ó hÁgáin, a raibh aige tráth Caisleán an Chaill Mhóir i bparóiste Chill Chruithneacháin sa bharúntacht i seilbh aige, agus chuaigh sé go "Lough Insholin" mar áit chónaithe.[4]
Le leathadh Chineál Eoghain sna hOirialla isteach, tháinig críocha Uí Thoirtre taobh thiar den Bhanna i gceannas Thír Eoghain.[5] Faoin 1350í, bhí Uí Néill Chlann Aodha Bhuí seasta sa bhearna chumhachta fágtha tar éis chliseadh Iarlacht na nUladh,[6] agus thit na tailte go léir Uí Thoirtre faoina gceannas.
Tagairtí
- ↑ tort, bairín, builín, ar eDIL
- ↑ 2 bir, uisce, tobar, ar eDIL
- ↑ 3.0 3.1 Magherafelt Parish
- ↑ 4.0 4.1 Statistical Reports of Six Derry Parishes 1821, John MacCloskey
- ↑ Ireland's History In Maps
- ↑ 6.0 6.1 Medieval Ireland: An Encyclopedia. Editors Seán Duffy, Ailbhe MacShamhráin, and James Moynes