Giolla na Naomh Ua hEidhin
Cuma
Beathaisnéis | |
---|---|
Bás | 1100 (Féilire Ghréagóra) |
Rí Uí Fhiachrach Aidhne ba ea Giolla na Naomh Ua hEidhin (bás 1100).
An tríú duine dá mhuintir ba ea Giolla na Naomh a rinneadh rí Aidhne de. Bhí sé i gcoróin le dhá bhliain is seasca aige, ar cheann desna réimis is faide atá fianaise ann dó i stair na hÉireann.
Sa bhliain 1055, mharaigh sé Domnhall Ruadh Ua Briain ach ní tuairiscítear an fáth.[1][2]
Sa bhliain 1067, tharla Cath Turlaigh Adhnaigh ina chuid críoch, inár maraíodh Áed in Gai Bernaig, rí Chonnacht, agus go leor eile.[3]
Adhlacadh Giolla na Naomh i gCluain Mhic Nóis.[4]
Foinsí
- Annála Uladh
- Annála na gCeithre Máistrí
- Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
- Charles-Edwards, T. M. (2000), Early Christian Ireland, Cambridge: Cambridge University Press, ISBN 0-521-36395-0
- Dan McCarthy, Synchronisms Curtha i gcartlann 2012-06-08 ar an Wayback Machine, Coláiste na Tríonóide.
Tagairtí
- ↑ Annála Uladh, AU 1055.1
- ↑ Annála na gCeithre Máistrí ACM 1055.11
- ↑ ACM 1067.5
- ↑ ACM 1100.10
Réamhtheachtaí Mael Fabhaill Ua hEidhin |
Rí Uí Fhiachrach Aidhne 1048-1100 |
Comharba Aodh Ua hEidhin |