Eochaidh mac Eochach
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 7 haois |
Bás | 733 |
Liosta Ríthe Dhál Riada | |
726 – 733 ← Dúnghal mac Sealbaigh – Muireadhach mac Ainfhaichilligh, Ailpín mac Eochach, Dúnghal mac Sealbaigh → | |
Gníomhaíocht | |
Gairm | monarc |
Teaghlach | |
Páiste | Aodh Fionn, Fearghas mac Eochach |
Athair | Eochaidh mac Domhanghairt |
Rí Dhál Riada in iarthar na hAlban ba ea Eochaidh mac Eochach (Meán-Ghaeilge Eochaid mac Echdach) ón mbliain 726 go dtí 733. Eochaidh mac Domhanghairt ba ea a athair.
Is dócha gur tháinig Eochaidhi gcoróin tar éis dó Dúnghal mac Sealbaigh a chur as. B'fhéidir é go ndearna Sealbhach iarracht a mac a chur ar ais ach is léir nár éirigh leis. Bhí Cath eatarthu ag Irros Foichnae sa bhliain 727.[1]
Níltear ar aon ghuth sna annála ar seoladh cabhlach go hÉirinn chun cabhrú le Flaithbheartach mac Loingsigh in éadan Aodh Allán le linn réimeas Eochach nó a chomharba.
Ina thásc sa bhliain 733, tugtar an teideal rí seachas tuatha Dhál Riada ar Eochaidh,[2] rud a thugann le fios b'fhéidir go raibh sé i réim gan freasúra tar éis cliste Dúnghail agus Sealbhach. Rinneadh níos deireanaí rí Dhál Riada dá mhac, Aodh Fionn.
Ríocht neamhspleách a bhí Dál Riada go dtí an bhliain 736 ar a laghad, mar sin is cinnte é go raibh chomharba (nó chomharbaí) ag Eochaidh, b'fhéidir Muireadhach mac Ainfhaichilligh, a bhí tagtha ina chomharba ar Dúnghal mac Sealbaigh mar rí Chineál Loairn.
Naisc sheachtracha
Tagairtí
- ↑ Annála Uladh, AU 727.3
- ↑ Annála Tiarnaigh, AT 733.5