2017 Ionsaí Barcelona

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Tharla eachtraí sceimhlitheoireachta Ioslamach in oirthear na Spáinne ar an 16-18 Lúnasa 2018 . Bhí cúpla sceimhlitheoireachta Ioslamach páirteach sna ionsaithe.

Ag an am céanna, maraíodh beirt agus gortaíodh roinnt daoine eile in ionsaí sceana a rinneadh in Turku na Fionlainne.

Las Ramblas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tharla ionsaí sceimhlitheoireachta i mBarcelona. Ar an 17 Lúnasa 2017, tiomáineadh veain bhán isteach i lár ghrúpa mór coisithe ar an bpríomhshráid (La Rambla (nó Las Ramblas), ag fágáil cúig duine déag marbh agus níos mó ná 130 gortaithe. Theith an tiománaí tar éis an ionsaithe (Younes Abouya, 22 bliain d'aois ó Mharacó - féach thíos).

Tharla an t-ionsaí thart ar 15h50 am na hÉireann. Bhí na sráideanna agus stáisiúin Metro agus traenach sa cheantar dúnta ag na póilíní ar feadh cúpla uair ina dhiaidh[1].

Alcanar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tharla pléasc ar an 16 Lúnasa 2017[2]. Maraóidh bean amháin. Scriosadh teach.


Cambrils[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cúpla sceimhlitheoireachta Ioslamach a bhí páirteach san ionsaí seo ar an 18 Lúnasa 2017[3]. Maráiodh cúigear. Mharaigh póilíní na Spáinne cúigear  nuair a thiomáin siad carr faoi luas trí cheantar coisithe a bhí pacáilte le turasaóirí ag an am. Carr dubh don déanamh Audi a tiomáineadh faoi luas trí cheantar coisithe i mbaile mór turasóireachta Cambrils, 120 cilliméadar ó dheas do Bharcelona. Chaith na Mossos (gardaí) an cúigear a bhí sa charr, maraíodh ceathrar acu sin ar an dtoirt, agus bhásaigh an cúigiú duine níos déanaí.

Maraíodh bean amháin agus gortaíodh póilín agus 5 síbhialtach eile san ionsaí i Cambrills.

Sant Just Desvern [cuir in eagar | athraigh foinse]

Maráiodh fear amháin, an tiománaí, ar an 17 Lúnasa 2017. Gortaíodh beirt Mossos (gardaí).

I ndilchuimhne na marbh,. Barcelona

Subirats[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar an 21 Lúnasa, i gceantar Subirats in iarthar Barcelona, d'éirigh le póilíní i Barcelona, Younes Abouya (22 bliain d'aois ó Mharacó) a mharú.  Bhí pléascáin fáiscthe dá chorp aige. Deirtear gurb eisean a thiomáin an veain isteach i slua, a raibh bás 15 duine mar thoradh air.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. https://www.rte.ie/news/nuacht/
  2. https://www.ft.com/content/2b42c31a-836b-11e7-94e2-c5b903247afd
  3. https://www.rte.ie/news/nuacht/2017/0818/898405-14-a-maraiodh-sa-da-ionsai-sceimhlitheoireachta-sa-spainn-inne/